Scaoil Amach an Bobailín
Cuma
| Láithreoir(í) | Seán Bán Breathnach agus Cynthia Ní Mhurchú |
|---|---|
| Tír | Éire |
| Bunteanga | an Ghaeilge |
| Bealach teilifíse | Raidió Teilifís Éireann |
| An chéad eipeasóid | 7 Deireadh Fómhair 1990 |
| An eipeasóid dheireanach | 1992 |
Clár teilifíse Gaeilge a bhí in Scaoil Amach an Bobailín ar a mbíodh sceitsí grinn, rac-cheol agus díospóireachtaí ar chúrsaí sóisialta agus polaitíochta.
Clár neamhfhoirmiúil agus tarraingteach a bhí ann do chainteoirí Gaeilge Gaeltachta agus neamhGhaeltachta araon.
Seán Bán Breathnach agus Cynthia Ní Mhurchú a chuir i láthair. Bhí beirt thuairisceoirí óga freisin, Rónán Mac Aodha Bhuí agus Bláthnaid Ní Chofaigh, a chuaigh timpeall na tíre ag lorg scéalta mealltacha. Craoladh an tsraith den chéad uair ar 7 Deireadh Fómhair 1990 agus tháinig deireadh léi tar éis na bliana 1992.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scaoil amach an bobailín! (nath cainte)
- Ecu Ecu (clár eile)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Catagóirí:
- Cláir ghrinn i nGaeilge
- Greann na Gaeilge
- Cláir theilifíse i nGaeilge
- Cláir Teilifíse Éireannacha
- Cláir RTÉ
- Sraitheanna teilifíse a thosaigh i 1990
- 1990
- Sraitheanna teilifíse a chríochnaigh i 1992
- 1992
- Gearrscannáin ghrinn i nGaeilge
- Cláir sceitsí grinn
- Cláir sceitsí grinn i nGaeilge
- Sceitsí grinn i nGaeilge
- Sceitsí grinn
- Cláir Ghrinn
- Cláir siamsaíochta
- Cláir theilifíse