Jump to content

Cynthia Ní Mhurchú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCynthia Ní Mhurchú

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1966
57/58 bliana d'aois
Ceatharlach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Fianna Fáil

16 Iúil 2024 –
Téarma parlaiminte: Deichiú Parlaimint na hEorpa


Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, abhcóide, láithreoir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Cuir in eagar ar Wikidata

Iarchraoltóir, abhcóide agus polaiteoir í Cynthia Ní Mhurchú (a rugadh sa bhliain 1966). Sheas sí d’Fhianna Fáil sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh sa bhliain 2024 agus toghadh í mar FPE.[1][2][3]

Mar mhúinteoir i scoil lán-Ghaeilge i gCeatharlach a chuir sí tús lena saol oibre.

Bhain Cynthia Ní Mhurchú cáil amach mar chomhláithreoir ar Chomórtas Eóraifíse na bliana 1994, in éineacht le Gerry Ryan, an oíche ar cuireadh Riverdance os comhair an tsaoil den chéad uair, agus bhí sí ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge ab aitheanta lena linn chomh maith.

Bhí sí ina láithreoir ar na cláir Cúrsaí agus Scaoil Amach an Bobailín ar RTÉ agus d’oibrigh sí le RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin, áit ar craoladh a clár Cynthia Sa gCathaoir. Chuir sí clár an Chrannchuir Náisiúnta i láthair freisin.

Tá Ní Mhurchú ag obair mar abhcóide ó na 1990idí ar aghaidh, i réimse an dlí teaghlaigh go háirithe. Tá suim ar leith aici sa tsábháilteacht ar líne do chách.

Sheas Cynthia Ní Mhurchú d’Fhianna Fáil sna toghcháin Eorpacha 2024 i dtoghlach an Deiscirt. Chuir sí a hainm ar aghaidh don toghchán Eorpach i dtús 2024. Bhí ualach daoine sna meáin agus i gciorcail pholaitíochta nár bhac léi mar iarrthóir dáiríre, ní raibh inti ach saghas ‘celebrity candidate’ dar leo. Ach toghadh í ndeireadh na dála mar FPE.[4][3] Dúirt sí go gcabhródh a taithí saoil, agus a taithí i saol an dlí go háirithe, go mór léi dá dtoghfaí í.

Dúirt sí go raibh “luí áirithe” aici le Fianna Fáil riamh agus gur cuireadh ceist uirthi i 1990 an mbeadh suim aici a bheith ina hiarrthóir toghcháin dóibh.

Labhair Ní Mhurchú sa Pharlaimint i Strasbourg i ndíospóireacht faoi chomóradh 35 bliain de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus labhair sí i dtaobh na bpáistí atá ag fáil bháis in Gaza.

Tá sí pósta agus tá beirt chlainne uirthi.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "‘Beidh feachtas dátheangach agam’ – an t-iarchraoltóir Cynthia Ní Mhurchú ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-07). Dáta rochtana: 2024-03-07.
  2. Evoke.ie (2024-04-02). "Cynthia Ní Mhurchú's 'Girl Power' Approach To Love And Life". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-04-02. Dáta rochtana: 2024-05-24.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-06-14). "Na suíocháin Eorpacha ar fad líonta" (as ga-IE). 
  4. "Parlaimint na hEorpa ag caitheamh leis an nGaeilge ‘mar theanga den dara grád’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-24). Dáta rochtana: 2024-05-24.