Iasc scamhógach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Scamhógiasc)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIasc scamhógach
Dipnoi Cuir in eagar ar Wikidata

Neoceratodus forsteri Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
ForordDipnoi Cuir in eagar ar Wikidata
Müller, 1845

Is é atá i gceist leis na héisc scamhógacha ná grúpa iasc locha is abhann. An t-aon ionadaí d'ord na Dipnoi, a bhí flúirseach ón tréimhse Dheavónach a thosaigh 400 milliún bliain ó shin go dtí an tréimhse Threasach a chríochnaigh 2 mhilliún bliain ó shin. Níl fágtha anois ach sé speiceas díobh. Tá dís scamhóg acu faoin bputóg is iad ceangailte leis an éasafagas, mar a bhíonn i veirteabraigh arda. Na geolbhaigh an-bheag. Baill den ghrúpa san Afraic, an Astráil is Meiriceá Theas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scamhógiasc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 580.