Scaipeadh Raman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scaipeadh solais mhonachrómataigh is é ag taisteal trí ábhar trédhearcach. Bíonn na tonnfhaid scaipthe (na línte sa speictream scaipthe) ar dhá thaobh — níos lú, is níos mó ná an mheántonnfhad sa bhunsolas ionsaitheach — agus braitheann na tonnfhaid scaipthe ar chomhdhéanamh an ábhair. Chuir Raman síos ar an iarmhairt seo i 1928. Tá speictreascópacht Raman tábhachtach i staidéar ar struchtúr móilíní.