Satailít aimsire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Satailít aimsire

Déanann satailít aimsire taifead leanúnach ar phatrúin dhomhanda na haimsire. Baineann sí feidhm as cianbhraiteoirí chun teocht san atmaisféar is ar dhromchla an Domhain a thomhas, an clúdach scamall a mhonatóiriú, an méid galuisce san atmaisféar is na sreabha fuinnimh ann a thaifeadadh.

De ghnáth, bíonn an satailít i bhfithis mholach nó gar dó, ag airde 500-1,500 km, ag trasnú an mheánchiorcail go hingearach leis sin, is ag dul thar Mhol gach uair go leith.

Cuid acu i bhfithisí geochónaitheacha díreach os cionn pointe ar leith ar an domhan, ag airde timpeall 35,400 km. Faigheann siad sonraí ar réigiúin dhoshroichte, i bhfad níos cuimsithí iomláine ná a bhíodh ar fáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Saitilít aimsire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 575.