Saileachán Francach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Saileachán francach)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSaileachán Francach
Chamaenerion angustifolium Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo defireweed flower (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Dath na mbláthannabándearg Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdMyrtales
FineOnagraceae
GéineasEpilobium
SpeiceasChamaenerion angustifolium Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
BasainmEpilobium angustifolium Cuir in eagar ar Wikidata

Saileachán ilbhliantúil a fhásann go hingearach suas le 120 cm ar airde é saileachán Francachlus na tine (Chamaenerion angustifolium).[1] Dúchasach don Eoraip, an Áise is Meiriceá Thuaidh. Scaipeann na fréamhacha trí dhreapadh. Na duilleoga i rinsí, 3 cheann an rinse. Na bláthanna ar spící fada, 2-3 cm ar leithead le 4 sheipeal chaola dhúchorcra is 4 pheiteal bhánchorcra spunógchruthacha eangacha ar fheadán ubhagáin caol scothchorcra. Cuid mhór síolta le cleití bána ar a chochall. Tugtar fiaile tine air freisin de bhrí go bhfuil sé chomh tapa sin in athchoilíniú talún a glanadh le déanaí le tine. Uaireanta saothraítear é mar mhaisiúchán, agus is fiaile ionsaitheach é freisin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Epilobium angustifolium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Saileachán francach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.