Saileachán Francach
Cuma
Chamaenerion angustifolium | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | fireweed flower (en) |
Planda | |
Dath na mbláthanna | bándearg |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Myrtales |
Fine | Onagraceae |
Géineas | Epilobium |
Speiceas | Chamaenerion angustifolium |
Ainmníocht | |
Basainm | Epilobium angustifolium |
Saileachán ilbhliantúil a fhásann go hingearach suas le 120 cm ar airde é saileachán Francach nó lus na tine (Chamaenerion angustifolium).[1] Dúchasach don Eoraip, an Áise is Meiriceá Thuaidh. Scaipeann na fréamhacha trí dhreapadh. Na duilleoga i rinsí, 3 cheann an rinse. Na bláthanna ar spící fada, 2-3 cm ar leithead le 4 sheipeal chaola dhúchorcra is 4 pheiteal bhánchorcra spunógchruthacha eangacha ar fheadán ubhagáin caol scothchorcra. Cuid mhór síolta le cleití bána ar a chochall. Tugtar fiaile tine air freisin de bhrí go bhfuil sé chomh tapa sin in athchoilíniú talún a glanadh le déanaí le tine. Uaireanta saothraítear é mar mhaisiúchán, agus is fiaile ionsaitheach é freisin.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Epilobium angustifolium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-07.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Saileachán francach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |