Séadaire cairdiach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séadaire cairdiach

Sa chroí, tá cealla sa nód sinatriach a dhípholaraíonn is a pholaraíonn go spontáineach tréimhsiúil timpeall uair gach soicind, agus spreagann an próiseas leictreach seo dípholarú / polarú de réir eagair i ngach cill sa chroí.

Mar thoradh ar na hathruithe leictreacha seo, crapann matáin an chroí timpeall uair gach soicind, agus feidhmíonn na cealla sa nód sinatriach mar shéadaire nó maor ama an chroí.

Má tharlaíonn fabht sa chóras seo, cuirtear cosc ar chrapadh tréimhsiúil an chroí agus is baolach é sin do dhuine.

I gcás nach féidir an mí-ord a réiteach le drugaí, ionphlandaítear séadaire cairdiach saorga chun duine a shábháil, ascaltóir leictreonach, fuinnmhithe le batairí, a chuirtear faoin gcraiceann agus a cheanglaítear le leictreoidí atá greamaithe leis an gcroí.

Leis seo is féidir rithim normálta buailte is craptha an chroí agus caidéalú fola na beatha timpeall na colainne a choinneáil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 8 Deireadh Fómhair 1958, bhí séadaire cairdiach inmheánach ionphlandaithe don chéad uair, san Institiúid Karolinska i bpríomhchathair na Sualainne, Stócólm.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Séadaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 587.