Sá Turku 2017
| |||||
Cineál | ionsaí sáite ionsaí sceimhlitheoireachta ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 18 Lúnasa 2017 ![]() | ||||
Fad ama | 3 min ![]() | ||||
Suíomh | VI District, An Fhionlainn (en) ![]() Turku Market Square, An Fhionlainn (en) ![]() Puutori, An Fhionlainn (en) ![]() Túrcú, An Fhionlainn ![]() | ||||
Tír | an Fhionlainn ![]() | ||||
Baint le limistéar údaráis | an Fhionlainn ![]() | ||||
Rannpháirtí | |||||
Sprioc | coisí agus sibhialtach ![]() | ||||
Líon básanna | 2 ![]() | ||||
Líon gortaithe | 8 ![]() | ||||
Arm | 2 scian ![]() | ||||
Cúiseamh | sceimhlitheoireacht, dúnmharú agus iarracht ar dhúnmharú ![]() | ||||
Cúirt | District Court of Southwest Finland (en) ![]() ![]() | ||||
Pionós | príosúnacht saoil ((15 Meitheamh 2018), District Court of Southwest Finland (en) ![]() ![]() | ||||
Is éard a bhí i gceist le sá Turku ná spraoimharú nó iarracht spraoimharaithe a rinneadh timpeall ar a ceithre a chlog ar an ochtú lá déag de Mhí Lúnasa 2017 i bpanc an aonaigh i lár chathair Turku in Iardheisceart na Fionlainne.
Sháigh an marfóir deichniúr agus fuair beirt acu bás. Mná ab ea iad siúd a fuair bás. Bhíothas an-luath ag cur na n-imeachtaí in iúl do na póilíní agus níor thóg sé ach cúig nóiméad orthu an t-amhrastach a sháinniú is a ghabháil.
Tháinig chun solais gur fear ó Mharacó darbh ainm Abdurrahman Bouanane, agus é ar lorg tearmainn san Fhionlainn. Fuair sé diúltú dá iarratas tearmainn agus chuaigh sé le radacachas ina dhiaidh sin, agus é ag priontáil amach forógraí bolscaireachta de chuid an ISIS ón Idirlíon. Mionchoirpeach a bhí ann a chaith seal sa Ghearmáin roimhe sin agus é ag déanamh coireanna.
Ghlac na húdaráis leis gurbh é seo an chéad ghníomh sceimhlitheoireachta den chineál a rinneadh san Fhionlainn riamh agus an chéad ghníomh sceimhlitheoireachta d'aon chineál a rinneadh sa tír sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |