Rosie Ruiz
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 21 Meitheamh 1953 La Habana, Cúba |
| Bás | 8 Iúil 2019 66 bliana d'aois Lake Worth Beach, Florida |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Stáit Wayne Ardscoil South Broward |
| Gníomhaíocht | |
| Spórt | lúthchleasaíocht |
| Disciplín spóirt | maratón |
Caimiléir as Cúba ab ea Rosie Ruiz (21 Meitheamh 1953 – 8 Iúil 2019).[1] Bhain sí droch-cháil amach in 1980 nuair a thrasnaigh sí an líne chríche i Maratón Bhostúin sa chéad áit, i bhfad chun tosaigh ar na hiomaitheoirí eile i rás na mban. Baineadh an chraobh di ocht lá tar éis an rása nuair a fuarthas amach nár rith sí an cúrsa iomlán. Creidtear gur léim sí isteach sa rás timpeall leathmhíle ón líne chríche.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]