Rosie Hackett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rosie Hackett
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 25 Iúil 1893, 1883
NáisiúntachtÉire
Bás4 Bealtaine 1976, 4 Iúil 1976
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon
Gairm
Gairmceardchumannaí, eagraí agus printéir

Réabhlóidí agus ceardchumannaí Éireannach ab ea Rosanna "Rosie" Hackett (25 Iúil 1893 – 4 Bealtaine 1976).

Bunbhall ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann a bhí inti, a thacaigh go mór le stailceoirí Bhaile Átha Cliath le linn Fhrithdhúnadh 1913. Sa bhliain 1916, chuaigh sí isteach sa bhearna baoil arís san Éirí Amach agus í ina ball d'Arm Cathartha na hÉireann.

Sa bhliain 2014, ainmníodh droichead nua in ómós di ina baile dúchais, mar aitheantas ar an méid a bhain sí amach lena linn.