Rosalind Franklin
Ba cheimceoir agus chriostalagrafadóir X-ghathaithe Sasanach í Rosalind Elsie Franklin (25 Iúil 1920 - 16 Aibreán 1958)[1] a chuir leis an tuiscint ar struchtúir móilíneach de ADN (deoxyribonucleic acid), RNA (ribonucleic acid), víris, gual, agus graifít.[2] Cé go raibh meas ar a cuid oibre ar ghual agus ar víris i rith a saoil, ní bhfuair an obair a rinne sí ar struchtúr ADN mórán aitheantais go dtí tar éis a báis.
Tá an cháil ar Franklin de bharr a cuid oibre ag Coláiste an Rí, Londain ar an íomhánna díraonadh X-ghathach de DNA, go háirithe Grianghraf 51. An Grianghraf 51 a bhí mar chuid den fhianaise sa mholadh na ADN dúbailte helix le James Watson agus Francis Crick. Roinn James Watson, Francis Crick agus Maurice Wilkins an Duais Nobel san Fhiseolaíocht nó Leigheas i 1962. Mhol Watson go mbronnfainn Franklin Duais Nobel sa Cheimic go hidéalach, chomh maith le Wilkins, ach ní dheanann an Coiste Nobel ainmniúcháin iarbháis.[3][4]
Tar éis críochnú ar a cuid obair ar ADN, leag Franklin obair ceannródaíoch ag Birkbeck ar na struchtúir mhóilíneach de víris. Lean a comhghleacaí Aaron Klug a chuid taighde agus bhuaigh sé an Duais Nobel sa Cheimic i 1982.

Fonótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "The Rosalind Franklin Papers, Biographical Information". profiles.nlm.nih.gov.
- ↑ "The Rosalind Franklin Papers, The Holes in Coal: Research at BCURA and in Paris, 1942–1951". profiles.nlm.nih.gov.
- ↑ "The Discovery of the Molecular Structure of DNA – The Double Helix". Official Website of the Nobel Prizes.
- ↑ "Nobel Prize Facts". Official Website of the Nobel Prizes.