Rointginiam
Rointginiam | |
Siombail Cheimiceach | Rg |
Uimhir Adamhach | 111 |
Meáchan Adamhach | [282] |
Grúpa, Peiriad | |
Dlús | |
Sraith Cheimiceach | |
![]() |
Is dúil cheimiceach shintéiseach é an rointginiam. 111 an uimhir adamhach, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Rg. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir, is dúil éagobhsaí radaighníomhach é, agus ní féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha, toisc go dtagann meath radaighníomhach air chomh tiubh. Is é an t-iseatóp is fadsaolaí atá ag an rointginiam ná Rg-282, nó is í an leathré atá aige ná 100 soicind. Ba iad na taighdeoirí san Institut für Schwerionenforschung, an Insttiúid um Thaighde ar na Tromiain, in Darmstadt sa Ghearmáin a ghin an chéad adamh rointginiam sa bhliain 1994, agus fuair an dúil an t-ainm atá uirthi inniu sa bhliain 2004. Tagairt atá ann do Wilhelm Conrad Röntgen, an t-eolaí Gearmánach a rinne fionnachtain na n-x-ghathanna (ina lán teangacha tugtar "radaíocht Röntgen" ar na gathanna céanna).
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |