Rochester, Nua-Eabhrac
| Rochester (en) | |||||
| Ainmnithe in ómós | Nathaniel Rochester | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Eabhrac | ||||
| Contae de chuid Nua-Eabhrac | Contae Monroe | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 211,328 (2020) | ||||
| • Dlús | 2,196.18 hab./km² | ||||
| Líon na dteaghlach | 88,006 (2020) | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Suite san aonán críochach staitistiúil | Rochester metropolitan area (en) | ||||
| Achar dromchla | 96.225189 km² | ||||
| • Uisce | 3.6978 % | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Ontario, Abhainn Genesee agus Canáil Erie | ||||
| Airde | 154 m | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1803 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Méara Rochester, Nua-Eabhrac | Malik Evans (2022–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 14602, 14603, 14604, 14605, 14606, 14607, 14608, 14609, 14610, 14611, 14612, 14613, 14614, 14615, 14616, 14617, 14618, 14619, 14620, 14621, 14622, 14623, 14624, 14625, 14626, 14627, 14638, 14639, 14642, 14643, 14644, 14646, 14647, 14649, 14650, 14651, 14652, 14653, 14692 agus 14694 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 585 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | cityofrochester.gov | ||||
Cathair i gContae Monroe, in iarthuaisceart Stát Nua-Eabhrac, i SAM, taobh ó dheas ó Loch Ontario is ea Rochester. Príomhbhaile Chontae Monroe atá ann.
De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, bhí 210,565 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 1,054,322 duine i mórcheantar na cathrach, ceantar a chuimsíonn freisin contaetha Genesee, Livingston, Ontario, Orleans agus Wayne (san iomlán nó i bpáirt).
“Lárionad Domhanda na nÍomhánna” an leasainm a thugtar an an gcathair ar siocair go bhfuil na comhlachtaí Kodak agus Xerox ann. Tá Bausch & Lomb lonnaithe i Rochester chomh maith. Déantar a lán taighde sa chathair ag na comhlachtaí seo, agus tá clú ar Ollscoil Rochester agus ar an Rochester Techonological Institute as a gcuid cláracha taighde teicneolaíochta, leighis agus eolaíochta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na hIroquois a bhí ina gcónaí sa cheantar chomh fada siar agus a théann an taifead staire scríofa. Chaill ceithre threibh de chuid Chónaidhm na nIroquois seilbh ar na tailte sa chuid sin de Stát Nua-Eabhrac i ndiaidh don chuid ba mhó díobh seo troid ar son na Sasanach le linn Chogadh Réabhlódeach Mheiriceá (1776–1983).
Ar 8 Samhain 1803, cheannaigh an Coirnéal Nathaniel Rochester agus beirt eile 100 acra timpeall ar thrí eas san Abhainn Genesee a bheadh úsáideach mar fhoinse cumhachta. Cúig dhuine déag a lonnaigh san áit i dtús báire.
Sa bhliain 1825, osclaíodh an Chanáil Erie, rud a cheangail feirmeoirí an Mheániarthair le calafort Nua-Eabhrac. Chuaigh an chanáil tríd an chathair agus tháinig fás ar Rochesterville (mar a thugtaí ar an mbaile san am úd) dá réir sin.
Faoin bhliain 1834, bhí 9,200 duine ina gcónaí ann. Nuair a tháinig na hiarnróid isteach blianta gairide ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh an chanáil ó dheas ón bhaile.

Tharraing suíomh agus tionscal an bhaile mhóir na mílte imirceach. Orthu siúd bhí beirt ón Ghearmáin, John Jacob Bausch agus Henry Lomb, a thosaigh ag obair le chéile i lár na 1850idí agus a chuir Bausch & Lomb ar bun faoin bhliain 1861.
Duine de bhunús Stát Nua-Eabhrac a bhí i George Eastman, fiontraí gnó a chuir an comhlacht Eastman Kodak ar bun.
Bhain tábhacht shóisialta agus pholaitiúil le Rochester chomh maith. Ba i Rochester a bhunaigh Frederick Douglass The North Star, nuachtán mór na ndaonfhuasclóirí, sa bhliain 1847. Ba as Rochester Susan B. Anthony, daonfhuasclóir agus feiminí luath.
Ag deireadh an 19ú haois, chuir an t-ainrialaí agus sóisialach Emma Goldman fúithi sa chathair ar feadh chúpla bliain agus í ag obair ar son lucht oibrithe na gceardlann allais.
