Rochester, Nua-Eabhrac
Rochester, Nua-Eabhrac | |||||
---|---|---|---|---|---|
Rochester (en) | |||||
Ainmnithe in ómós | Nathaniel Rochester | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Eabhrac | ||||
Contae de chuid Nua-Eabhrac | Contae Monroe | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 211,328 (2020) | ||||
• Dlús | 2,196.18 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 88,006 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Rochester metropolitan area (en) | ||||
Achar dromchla | 96.225189 km² | ||||
• Uisce | 3.6978 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Ontario, Abhainn Genesee agus Canáil Erie | ||||
Airde | 154 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1803 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Rochester, Nua-Eabhrac | Malik Evans (2022–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 14600–14699 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 585 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | cityofrochester.gov |
Cathair i gContae Monroe, in iarthuaisceart Stát Nua-Eabhrac, i SAM, taobh ó dheas ó Loch Ontario is ea Rochester. Príomhbhaile Chontae Monroe atá ann.
De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, bhí 210,565 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 1,054,322 duine i mórcheantar na cathrach, ceantar a chuimsíonn freisin contaetha Genesee, Livingston, Ontario, Orleans agus Wayne (san iomlán nó i bpáirt).
“Lárionad Domhanda na nÍomhánna” an leasainm a thugtar an an gcathair ar siocair go bhfuil na comhlachtaí Kodak agus Xerox ann. Tá Bausch & Lomb lonnaithe i Rochester chomh maith. Déantar a lán taighde sa chathair ag na comhlachtaí seo, agus tá clú ar Ollscoil Rochester agus ar an Rochester Techonological Institute as a gcuid cláracha taighde teicneolaíochta, leighis agus eolaíochta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na hIroquois a bhí ina gcónaí sa cheantar chomh fada siar agus a théann an taifead staire scríofa. Chaill ceithre threibh de chuid Chónaidhm na nIroquois seilbh ar na tailte sa chuid sin de Stát Nua-Eabhrac i ndiaidh don chuid ba mhó díobh seo troid ar son na Sasanach le linn Chogadh Réabhlódeach Mheiriceá (1776–1983).
Ar 8 Samhain 1803, cheannaigh an Coirnéal Nathaniel Rochester agus beirt eile 100 acra timpeall ar thrí eas san Abhainn Genesee a bheadh úsáideach mar fhoinse cumhachta. Cúig dhuine déag a lonnaigh san áit i dtús báire.
Sa bhliain 1825, osclaíodh an Chanáil Erie, rud a cheangail feirmeoirí an Mheániarthair le calafort Nua-Eabhrac. Chuaigh an chanáil tríd an chathair agus tháinig fás ar Rochesterville (mar a thugtaí ar an mbaile san am úd) dá réir sin.
Faoin bhliain 1834, bhí 9,200 duine ina gcónaí ann. Nuair a tháinig na hiarnróid isteach blianta gairide ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh an chanáil ó dheas ón bhaile.
Tharraing suíomh agus tionscal an bhaile mhóir na mílte imirceach. Orthu siúd bhí beirt ón Ghearmáin, John Jacob Bausch agus Henry Lomb, a thosaigh ag obair le chéile i lár na 1850idí agus a chuir Bausch & Lomb ar bun faoin bhliain 1861.
Duine de bhunús Stát Nua-Eabhrac a bhí i George Eastman, fiontraí gnó a chuir an comhlacht Eastman Kodak ar bun.
Bhain tábhacht shóisialta agus pholaitiúil le Rochester chomh maith. Ba i Rochester a bhunaigh Frederick Douglass The North Star, nuachtán mór na ndaonfhuasclóirí, sa bhliain 1847. Ba as Rochester Susan B. Anthony, daonfhuasclóir agus feiminí luath.
Ag deireadh an 19ú haois, chuir an t-ainrialaí agus sóisialach Emma Goldman fúithi sa chathair ar feadh chúpla bliain agus í ag obair ar son lucht oibrithe na gceardlann allais.