Robert de Boron

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert de Boron

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 haois
Boron Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 haois
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre12 haois –  13 haois
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm1628391 Cuir in eagar ar Wikidata

Cléireachridire de bhunadh Fhranche-Comté a rugadh i mBoron, baile atá suite i dterritoire Bhelfort na Fraince, ab ea Robert de BoronRobert de Borron (deireadh na 12ú haoise - tús na 13ú haoise). Scríbhneoir Francach a chum saothair véarsaíochta fén Soitheach Naofa ab ea é, agus ba í an tSean-Fhraincis teanga a chuid scríbhneoireachta í.

Cé go rabhadar bunaithe ar shaothair Chrétien de Troyes agus Wace, do tháinig athruithe móra ar scéal Rí Artúr insna saothair a cheap Robert de Boron. Baineann an chuid is mó desna athruithe sin leis an dtábhacht a thug de Boron don gCríostaíocht. Ba é Robert de Boron, mar shampla, a dhein creadair den Soitheach; insna scéalta dá chuidsean, is ionann an Soitheach agus an Chailís Naofa (.i. an chailís a baineadh úsáid aisti ag an Séire Déanach agus ar thit braonta d'fhuil Íosa Críost inti nuair a bhí sé thuas ar an gCroch Chéasta).

Príomhshaothair de chuid Robert de Boron is ea Le Roman de l'histoire du Graal (Gaeilge: 'Rómáns Stair an tSoithigh'), a cheap sé thart ar an mbliain 1200, Joseph d'Arimathie (Gaeilge: 'Iósaef ó Aramatáia') agus Merlin en prose (Gaeilge: 'Meirlín trí phrós'), dhá shaothar a cheap sé ag tús na 13ú haoise, agus Perceval en prose (Gaeilge: 'Perceval trí phrós'), a cheap sé timpeall 1205-1210.[1]

Ag deireadh Le Roman de l'histoire du Graal, tugann Robert de Boron le tuiscint don léitheoir go bhfuil sé i seirbhís fir darb ainm Gautier "Mhont Belyal", agus meastar gurb é an fear atá i gceist aige ná Gautier de Montbéliard, tiarna Mhontfaucon, a fuair bás insan mbliain 1212 nuair a bhí sé i gcrosáid.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá na dátaí a thugtar anseo bunaithe ar shonraí a thugann Claude Lachet (viz. Claude Lachet, Les métamorphoses du Graal : anthologie, Flammarion, 2012).