Robert Whittaker
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 27 Nollaig 1920 Wichita, Kansas |
| Bás | 20 Deireadh Fómhair 1980 59 bliana d'aois Ithaca, New York |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse scamhóg) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Illinois, Urbana–Champaign |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Éiceolaíocht, geobotany (en) |
| Gairm | luibheolaí, éiceolaí, múinteoir ollscoile |
| Fostóir | Ollscoil Cornell |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
| Giorrúchán luibheolaíochta | Whittaker |
Gradam a fuarthas
| |
B'éiceolaí plandaí Meiriceánach é Robert Harding Whittaker (27 Nollaig 1920 – 20 Deireadh Fómhair 1980), a bhí gníomhach ó na caogaidí go dtí na seachtóidí. Rugadh é in Wichita, Kansas, agus bhain sé B.A. amach in Washburn Municipal College (anois Ollscoil Washburn) i dTopeka, Kansas, agus, i ndiaidh seirbhís mhíleata, ghnóthaigh sé Ph.D. ag Ollscoil Illinois. Bhí post teagaisc agus taighde aige in Washington State College, Hanford, Washington, i Hanford National Laboratories (obair cheannródaíochta aige ansin in úsáid rianairí radaighníomhacha i staidéar na n-éiceachóras), Brooklyn College, Ollscoil California-Irvine, agus sa deireadh, Ollscoil Cornell.
Ba é Whittaker a chéad mhol (sa bhliain 1969) an Córas Cúig Ríocht le haicmiú a dhéanamh ar neacha an Nadúir. An Tacsanomaíocht a thugtar ar an gcineál chórais seo. Seo a leanas na Cúig Ríocht a mhol sé: Animalia, Plantae, Fungi, Protista, agus Monera.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Robert H. Whittaker Communities and Ecosystems, Macmillan, 1975. ISBN 0-02-427390-2
- Robert H. Whittaker(Ed), Classification of Plant Communities, 1978 (Handbook of Vegetation Science), Kluwer Academic Publishers, ISBN 90-6193-566-0
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |