Robert Smythson
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1535 (Féilire Ghréagóra) Londain, England |
Bás | 15 Deireadh Fómhair 1614 78/79 bliana d'aois Wollaton, England |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ailtire, dealbhóir |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | John Smythson |
Ailtire Sasanach ab ea Robert Smythson (c 1535 – 15 Deireadh Fómhair 1614). Thosaigh sé mar shaor cloiche. Ba é an chéad saothar dá chuid a taifeadadh Longleat (1568), agus meastar gur dhear sé é. Ba é Wollaton Hall i Nottingham (1580-1588) a shárshaothar, caisleán meánaoiseach bréige le gnéithe clasaiceacha is faisean Pléimeannach fite ann. D'fhorbair sé plean nua ceartingearach leis an halla mór suite trasna, rud a bhí réabhlóideach maidir leis na féidearthachtaí spásúla i bhfoirgnimh chomhaimseartha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Robert Smythson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 609.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |