Robert Murphy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Mac gréasaí, matamaiticeoir a rugadh i Mala ab ea Robert Murphy (1806-1843). I 1824 d'fhoilsigh matamaiticeoir as Maigh Nuad réiteach ar sheanfhadhb, ciúb a aimsiú trí gheoiméadracht a bheadh ina dhúbailt ar chiúb eile, ach tharraing an t-ógánach Murphy cáil air féin trí bhotún sa réiteach a léiriú. Agus é fós ina fhochéimí in Ollscoil Cambridge d'fhoilsigh sé ailt ar mhatamaitic fheidhmeach sa bhfisic is cothromóidí ailgéabracha. D'fhoilsigh sé leabhar ar leictreachas agus sraith alt bunúsach ar anailís, inbhéartú, díbirt is suimeáil. Scríobh sé an leabhar údarásach A Treatise on the Theory of Algebraical Equations (Tráchtas ar Theoiric na gCothromóidí Ailgéabracha, 1839).