Richard Barrington

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRichard Barrington

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1849
An Fásach Rua Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Meán Fómhair 1915
65/66 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairméaneolaí, luibheolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
SiblínVictoria Malone

Nádúraí Éireannach ab ea Richard Manliffe Barrington. Rugadh i 1849 é san Fhásach Rua in aice le Bré, Contae Chill Mhantáin agus fuair sé bás i mBaile Átha Cliath ar an 15 Meán Fómhair 1915.[1][2]

Feirmeoir agus luachálaí talún ab ea Barrington. Cuireadh oideachas air i gColáiste na Tríonóide áit ar ghnóthaigh sé MA. Scríobh sé tuairiscí ar fhlóra Loch Rí, Loch Éirne, Binn Ghulbain, Toraigh agus na Blascaodaí go léir a d’fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann, ach tá an chuid is mó dá pháipéir eolaíochta ar éanlaith. Is é an saothar is cáiliúla dá chuid ná The migration of birds, as observed at Irish lighthouses and lightships including the original reports from 1888–97, now published for the first time, and an analysis of these and of the previously put together with an appendix giving the measurements of about 1600 wings.[3] Níor cuireadh ach 350 cóip den saothar 667 leathanach seo i gcló.

Bhí Barrington ar cheann de na ceannairí ón Acadamh Ríoga na hÉireann ar thuras taiscéalaíochta go Rocal sa bhliain 1896 le Robert Lloyd Praeger agus John A. Harvie Brown, nádúraí Albanach as Dùn na Bàis (1844–1916).[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. John Wilson Foster, Helena C. G. Chesney (1998) Nature in Ireland: a scientific and cultural history, p. 269 "In the introduction to The Migration of Birds as Observed at Irish Lighthouses and Lightships he wrote that 'few, perhaps, ... and by Major RF Ruttledge, but none carried out the work so comprehensively as Richard Barrington had done."
  2. Bulletin of the British Ornithologists' Club: 1916 -"Richard M. Barrington, so well known for his excellent work on the migration of Irish birds, died on September 15th, 1915, near Dublin."
  3. [1]
  4. John Wilson Foster, Helena C. G. Chesney (1998) Nature in Ireland: a scientific and cultural history, p. 269 "Barrington had an interest in travel and climbed in Switzerland and Canada. He visited Rockall in 1896 with Praeger, Harvie-Brown and others on an expedition partly financed by the Royal Irish Academy and partly by Barrington and Harvie-Brown."