Res publica

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nath Laidine í res publica arb é is brí leis ná gnó nó ábhar nó rud a bhaineann leis an bpobal. Is é an bhrí le res ná gnó nó rud, agus is aidiacht é publicus, publicum, publica a thagraíonn don phobal nó don phoiblíocht, cosúil leis an aidiacht Gaeilge "poiblí".

Ina lán teangacha, tá an focal a chiallaíonn poblacht bunaithe ar an nath Laidine seo, cosúil le republic an Bhéarla, Republik na Gearmáinise, république na Fraincise, республика/respublika na Rúisise agus rzeczpospolita is republika na Polainnise - is aistriúchán focal ar fhocal ar an nath Laidine é an chéad fhocal acu, nach dtagraíonn ach do na poblachtaí sa Pholainn féin.

Mar sin féin, is gá cuimhne a choinneáil air nach ionann res publica agus poblacht. Sa Laidin, is gnách feidhm a bhaint as an focal res ("rud", "gnó") leis na hainmfhocail theibí a sheachaint - mar shampla, deirtear res rustica nó "an rud tuathúil", "an gnó tuathúil" sa chiall "talmhaíocht". Is é is bunbhrí le res publica, dá réir sin, ná "an rud poiblí", "an gnó poiblí", "na cúrsaí pobail".

Brí bhunúsach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An rud ar leis an bpobal é sa Róimh, ba chuid den res publica, is é sin, de na gnóthaí poiblí nó d'acmhainn an phobail é. D'fhéadfadh sé gur sráidfoirgneamh a bhí ann, ar chuid den mhaoin phoiblí é. I gcoitinne, ba leis an bpobal gach rud nár bhain le duine phríobháideach.

Brí pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le himeacht ama, ghreamaigh brí eile den res publica, is é sin, na gnóthaí rialtais agus riaracháin. Ansin, bhí res publica ag tagairt don chóras rialtais agus don bhaint a bhí ag an gcóras rialtais leis an bpobal. Sa bhrí seo, is ionann gnóthaí poiblí agus gnóthaí rialtais.