Reilig chogaidh Gearmánach Ghleann Crí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Reilig chogaidh Gearmánach Ghleann Crí
Íomhá
Sonraí
CineálReilig chogaidh
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGleann Crí, Éire
Map
 53°12′03″N 6°17′32″W / 53.200904°N 6.292339°W / 53.200904; -6.292339
Gníomhaíocht
OibreoirGerman War Graves Commission (en) Aistrigh
Glencree German war cemetery
Reilig chogaidh Gearmánach Ghleann Crí

Reilig Cogaidh na Gearmáine Ghleann Crí (Gearmáinis: Deutscher Soldatenfriedhof Glencree) suite i ngleann Gleann Crí, Contae Chill Mhantáin, Éire.

Tiomnaíodh an reilig ar 9 Iúil 1961. Tá 134 uaigh ann. Is pearsanna Luftwaffe (Aerfórsa) nó Kriegsmarine (Cabhlach) dun chuid is mó. Aithnítear caoga a trí, ní fios 28. Sé chorp iad príosúnaigh chogaidh sa Chéad Chogadh Domhanda a bhí i seilbh na Breataine. Ba ea daichead a sé[1] dóibh choimeádaithe sibhialtach Gearmánacha a bhí á seoladh ón mBreatain go Ceanada le haghaidh imtheorannaithe nuair rinne toirpéad a scaoileadh ar a long, SS Arandora Star ag U-bhád Gearmánach, U-47, amach ó Thoraigh, Contae Dhún na nGall, i mí Iúil 1940. Tá an Dr Hermann Görtz, spiaire Abwehr, curtha ansin freisin. Rinne an Dr Görtz féinmharú tar éis an chogaidh nuair a cuireadh in iúl dó go ndéanfaí é a dhíbirt; bhí faitíos air go dtabharfaí don Aontas Sóivéadach é.

Tá an reilig á riar ag Coimisiún Uaigheanna Cogaidh na Gearmáine (Volksbund Deutsche Kriegsgräberfürsorge).[2]

Taobh leis an reilig, ar bhruach Abhainn Ghleann Crí, is féidir teacht ar charraig Aifrinn trí chosán caol cois abhann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ireland's Only German War Cemetery” (en). Atlas Obscura. Dáta rochtana: 2021-07-20.
  2. "German War Graves Commission homepage (in English)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-10-02. Dáta rochtana: 2024-05-02.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deutscher Soldatenfriedhof Ghleann Crí, Contae Chill Mhantáin, Éire