Radhabinod Pal
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Eanáir 1886 an Bhanglaidéis |
Bás | 10 Eanáir 1967 80 bliana d'aois Calcúta, An India |
Breitheamh | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chalcúta Coláiste Rajshahi Ollscoil Presidency Ardscoil Hatboalia |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, múinteoir ollscoile |
Fostóir | na Náisiúin Aontaithe Ollscoil Chalcúta |
Gradam a fuarthas
|
Bhí Radhabinod Pal (27 Eanáir 1886 – 10 Eanáir 1967) ina dhlíodóir, acadóir agus breitheamh de chuid na hIndia (na Beangáile, go sonrach).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is fearr aithne ar Phal mar gheall ar an ráiteas easaontach a thug sé mar bhall den Bhinse Míleata Idirnáisiúnta don Chianoirthear (tá ardmheas sa tSeapáin air dá bharr). D'éigiontaigh Pal gach cosantóir i ngach cúis, ag rá nach raibh ach saghas "ceartas an bhuaiteora" sa Bhinse.
Breitheamh d'Ard-Chúirt Chalcúta ó 1941, bhí Pal ina bhall den Choimisiún Dlí Idirnáisiúnta ó 1952 go dtí go bhfuair sé bás.
Bhí Pal ina ollamh i gColáiste Dlí Ollscoil Chalcúta ó 1923 go 1936. Rinneadh Leas-seansailéir na hOllscoile de sa bhliain 1944.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Radhabinod Pal" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-11.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |