Radaiméadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is radaiméadracht[1] ann ná tomhas fuinnimh leictreamaighnéadaigh radaithe, radaíocht infridhearg go háirithe. Is í an chumhacht radanta (Φ, in aonaid W) an chumhacht iomlán a astaíonn an fhoinse. Is í an déine radanta an chumhacht radanta in aghaidh aonad na huillinne soladaí (I, i W sr-1), agus is áisiúil an t-airí seo i gcás foinsí nach radaíonn go haonfhoirmeach i ngach treo. Is é an radantas an déine radanta in aonad fairsinge (L, i W sr-1 m-2). Is é an t-ionradas an chumhacht iomlán in aghaidh an aonad fairsinge (E, i W m-2). Tomhaistear na paraiméadair radaiméadracha le radaiméadair.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “radiometry — Aistriúchán Gaeilge ar radiometry (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-02-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Radaiméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 544.