RMS Leinster

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachRMS Leinster
LongchlósCammell Laird (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir a shanntar ag an longchlós612 Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
Cineállong Cuir in eagar ar Wikidata
Fad115.2 m Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach, City of Dublin Steam Packet Company

Bhí an RMS (Royal Mail Ship[1]) Leinster ina long phaisinéirí agus bád poist ó 1897 go dtí an 10 Deireadh Fómhair 1918. Bhí an long faoi úinéireacht agus á feidhmiú ag Comhlacht Paicéad Gaile, Cathair Bhaile Átha Cliath (City of Dublin Steam Packet Company)ˈ.[2] Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ionsaíodh an Leinster agus chuaigh sí go tóin poill i gcúpla nóiméad.

chuaigh an RMS Leinster thar Theach Solais na Cise

Seirbhís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí RMS Leinster ar cheann de cheithre chomhlong a d’iompair post agus paisnéirí idir "Kingstown" (Dún Laoghaire inniu) agus Caergybi (Holyhead) sa Bhreatain Bheag. Bhí oifig phoist ar gach ceann de na longa (bád poist[3]) agus rinne foireann ó phríomhoifig shórtála Bhaile Átha Cliath sortáil ar phost ann. Bhí ceithre long sa loingeas agus tugadh ainmneacha na cúigí Éireannacha orthu.[4]

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gnáth-thuras a bhí ann Déardaoin, an 10 Deireadh Fómhair 1918. Díreach roimh a 9 a chlog ar maidin, thug an RMS Leinster faoina turas deireanach ó Ché Carlisle i nDún Laoghaire (Kingstown tráth dá raibh) go Caergybi (Holyhead) sa Bhreatain Bheag.

Bhí 771 duine ar bord ar a laghad, idir bhaill de chriú na loinge (77), phaisinéirí sibhialta, agus phearsanra míleata agus leighis. Ba bhaill den arm - saighdiúirí, mairnéalaigh, aerfhir agus banaltraí - formhór na bpaisinéirí (timpeall 500). Bhí cuid acu ag filleadh ar an gcogadh tar éis saoire. Bhí fostaithe Oifig an Phoist ann (22 in iomlán) a bhí ag obair sa seomra poist, ag sórtáil litreacha agus pacáistí i gcomhair an chéad chéim eile den turas.

Idir 09:30 a.m. agus 09.40 a.m., chuaigh an RMS Leinster thar Theach Solais na Cise. Go gairid ina dhiaidh sin, 7km ó Kingstown (Dún Laoghaire inniu) bhuail dhá thoirpéad í.

Scaoil fomhuireán Gearmánach, UB-123, í.[5] Scaoil sí trí thoirpéad léi. Taobh istigh de 8 nóiméad, bhí an Leinster imithe go grinneall.

Comóradh, 2018

Cailleadh 564 duine ar a laghad dá toradh.[6] Tháinig 207 slán as. Ba í an tubaiste muirí ba mheasa riamh i Muir Éireann, agus an dara tragóid ba mhó i bhfarraigí na hÉireann, tar éis an Lusitania sa bhliain 1915.[7]

U-Boot[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cogadh síceolaíoch ar bun ag na U-Boot (fomhuireáin) de chuid na Gearmáine. Bhí Oberleutnant zur See Robert Ramm (27 mbliana d’aois) i gceannas ar UB123. Seachtain níos déanaí, bhuail UB123 mianach agus maraíodh an criú go léir. Cailleadh UB-123 agus a chriú de 36 bhall i log mianach sa Mhuir Thuaidh. Bhí formhór an chriú naoi déag nó fiche bliain d’aois.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tionchar forleathan ag tubaiste an RMS Leinster ar an bpobal in Éirinn Deireadh an chogaidh a bhí ann agus cailleadh na beatha go fánach. Agus le linn na mbliana 1918, bhí bagairt an choinscríofa ag dul i bhfeidhm ar an tír. Rinneadh radacú ar mheon na nÉireannach mar sin.

Ar an 10 Deireadh Fómhair 2018, d’eisigh An Post stampa chun céad bliain chur go tóin poill RMS Leinster a chomóradh.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]