Réiteacht
Cuma
Sa cheol, is éard is réiteacht[1] ann ná córas chun ionstraimí méarchláir is téadionstraimí le cipíní méire a thiúnadh, ina ndéantar cuid d'idirchéimeanna íona na tuine cirte a réiteach rud beag síos nó suas chun scála comhréitithe a chruthú. Tháinig sí chun cinn sa 19ú céad, agus tá 12 leath-thon san ochtach ann (an t-aon idirchéim íon sa chóras seo). Rinne na córais thiúnta a bhíodh ann roimhe sin comhghéillte éagsúla maidir le híonacht na n-idirchéimeanna, éagsúlacht an ghléis is solúbthacht an mhodhnaithe.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): temperament” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Réiteacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 556.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |