Réadlann Gréine is Héilisféir
Jump to navigation
Jump to search
Scéim comhoibrithe idir ESA is NASA le staidéar a dhéanamh ar an nGrian óna chroíleacán domhain amach go dtí a coróin sheachtrach, an ghrianghaoth san áireamh. Lainseáladh an tsaitilít SOHO, agus na turgnaimh is na hionstraimí cuí ar bord, ar fheithicil Atlas i 1995 agus suíodh í i bhfithis fháinneach os cionn pointe Lagrange L1 timpeall 1,500,000 km ón Domhan i dtreo na Gréine. Tá monatóiriú ar siúl go leanúnach ó shin agus na sonraí á dtarchur ar ais do na taighdeoirí ar Domhan.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |