Quentin Reynolds (draíodóir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaQuentin Reynolds
Gníomhaíocht
Gairmdraíodóir Cuir in eagar ar Wikidata

Draíodóir proifisiúnta Éireannach é Quentin Reynolds atá tar éis léirithe a dhéanamh ar fud na hÉireann agus Sasana ag féilte, scoileanna agus ag imeachtaí príobháideacha.

Sa bhliain 2003 bhog sé go Manchain agus bhí sé ina oirfideach rialta ag cluichí baile Mhanchain Aontaithe. In 2020, le linn na paindéime, nuair a bhí sé gan obair, bheartaigh sé an Ghaeilge a athfhoghlaim, teanga nár bhain sé úsáid aisti ó d’fhág sé an scoil. Ag tosú le Duolingo, rinne sé ranganna ar líne le Coláiste na Rinne agus nuair a d’aistrigh sé ar ais go Baile Átha Cliath sa bhliain 2022, le Conradh na Gaeilge. Thosaigh sé ag léiriú seónna aonair Gaeilge sa bhliain 2023.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]