Duolingo
Duolingo.com | |
150px | |
Saghas comhlachta | Cuideachta phríobháideach |
Bunaithe | Carnegie Mellon University (2009) |
Suíomh | East Liberty, Pittsburgh |
Tír (Tíortha) | SAM |
Daoine lárnacha | Severin Hacker Luis von Ahn |
Méid fostaithe | 170 |
Tionscail | Oideachas ar líne, Deimhniú Gairmiúil, Aistriúchán, Sluafhoinsiú |
Láithreán gréasáin | [1] |
Séard atá i gceist le Duolingo ná suíomh idirlín neamhthrádálach atá tiomnaithe d'fhoghlaim teangacha. Ardán sluafhoinsithe le haghaidh aistriúchán téacsanna atá ann chomh maith. Tá Duolingo deartha sa bhealach go gcuidíonn an foghlaimeoir le leathanaigh ghréasáin agus cáipéisí eile a aistriú de réir mar a dhéanann sé nó sí dul chun cinn sa phróiseas foghlamtha. Ar an 26 Márta 2015 bhí 10 gcúrsa le fáil do chainteoirí Béarla, mar atá Spáinnis Mheiriceá Laidiní, Fraincis, Gearmáinis, Portaingéilis na Brasaíle, Iodáilis, Ollainnis, Danmhairgis, Sualainnis, Tuircis, agus Gaeilge. Tairiscíonn Duolingo cúrsaí Béarla Mheiriceá i roinnt mhaith teangacha chomh maith. Bíonn teangacha nua ar na bacáin i gcónaí.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chuir Luis von Ahn, ollamh ag Ollscoil Carnegie-Mellon in Pittsburgh, Duolingo ar bun in éineacht le Severin Hacker, mac léinn iar-chéimí leis. Bhain von Ahn úsáid as an deontas a fuair sé ón bhfundúireacht MacArthur agus le maoiniú ón bhFondúireacht Eolaíochta Náisiúnta. Oirbríonn an córas leis na hardáin iOS, Android agus Chrome. Tá an clár scríofa in Python. Tá oifigí Duolingo suite in Shadyside, comharsanacht in aice Carnegie-Mellon, agus tá 32 duine fostaithe ann.
Cúrsaí trí Bhéarla[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Breatnais
- Cóiréis
- Danmhairgis
- Eabhrais
- Esperanto
- Fraincís
- Gaeilge
- Gearmáinis
- Gréigis
- Haváis
- Hiondúis
- Indinéisis
- Iodáilis
- Ioruais (Bokmål)
- Ollainnis
- Polainnis
- Portaingéilis
- Rómáinis
- Rúisis
- Seapáinis
- Seicis
- An tSínis
- Spáinnis
- Sualainnis
- An Svahaílis
- Tuircis
- Úcráinis
- ArdValyrian
- Vítneaimis
Teangacha i mbéite[cuir in eagar | athraigh foinse]
Teangacha ar na bacáin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Fásteanga Háítí
- Gaidhlig (ar gor)
- Giúdais
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |