Pálás Nymphenburg
Pálás Nymphenburg | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (de) Schloss Nymphenburg | |||
Ainmnithe in ómós | nimfeach | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Summer residence (en) , cultural heritage ensemble (en) , músaem, château agus secular building (en) | |||
Ailtire | Agostino Barelli Lorenzo Perti | |||
Foirgníocht | 1664 | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | preserved (en) | |||
Stíl ailtireachta | ailtireacht Bharócach Barócach | |||
Déanta as | aolchloch Kelheim | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Neuhausen-Nymphenburg, An Ghearmáin agus München, An Ghearmáin | |||
Suíomh | Schloß Nymphenburg 1, 80638 München | |||
| ||||
Architectural heritage monument in Bavaria (en) | ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Bavarian Administration of State-Owned Palaces, Gardens and Lakes (en) | |||
Oibreoir | Bavarian Administration of State-Owned Palaces, Gardens and Lakes (en) | |||
Sealbhóir | Museum of Man and Nature (en) | |||
ID GeoNames | 6324592 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | schloss-nymphenburg.de | |||
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is bruíon nó rítheach í Bruíon Nymphenburg (Schloss Nymphenburg i nGearmáinis) suite i München, An Bhaváir, sa Ghearmáin. Ba teach samhraidh ag ríthe na Baváire í. Tá an bhruíon agus an fearann mórthimpeall uirthi ar cheann dos na radhairc is fearr i Munchen agus téann na mílte daoine ar chuairt ann gach bliain.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bheartaigh an rí agus an bhanríon, Ferdinand Maria agus Henriette Adelaide de Savoy, an bhruíon mar cheiliúradh ar bhreith a mac, Maximilian II Emanuel. Ba é an t-ailtire Agostino Barelli ón Iodáil a dhear sa bhliain 1664 í. Chríochnaíodh an chuid lárnach na bruíne sa bhliain 1675.
Ag tosú i 1701, thosaigh Max Emanuel, ag fairsingiú an bhruíon. Tógadh dhá phailliúin an taobh ó thuaidh agus ar an taobh ó dheas de fhoirgneamh Barelli. Fairsingíodh an cliathán theas agus tógadh eachlanna ansin chun capaill a choimeád ann. Ar an dtaobh eile, tógadh teach oráistí chun cruth na bruíne a choimeád cothrom. Agus leis an feabhsú a chríochnú, thóg mac le Max Emanuel, Charles VII ciorcal mór le tithe Baroque (an Schlossrondell).
Athdhear Joseph Effner aghaidh an chuid lárnach i 1716. Chuir sé uaithní Fhrancacha air.
Ba é an bhruíon ba ansa le ríthe na Baváire. D'éag an rí Maximilian I na Baváire ansin i 1825 agus saolaíodh a gharmhac Rí Ludwig II na Baváire ansin sa bhliain 1845.
Sa lá atá inniu ann, tá an Nymphenburg ar oscailt don phobal, ach tá taoiseach an teaghlaigh Wittelsbach fós ina chónaí ann in árasán sa bhruíon.
Turasóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an bhruíon agus an fearann mórthimpeall uirthi ceann dos na háiteanna is mó a thugtar cuairt ar i Munchen, agus baineann muintir na háite sochar airgid aisti dá bharr. Tugann breis is 300,000 cuairt ar an mbruíon gach bliain, ach tugann níos mó daoine cuairt ar Neuschwanstein áfach. Is féidir cuairt a thabhairt ar an mbruíon trí dul ar riancharr a 17 i dtreo Amalienburgstraße. Ritheann an rian seo trí lár na cathrach agus tógann sé thart ar 20 nóiméid taisteal ón lár go dtí an bhruíon ar an riancharr.
Íomhánna
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
An príomhbhealach isteach
-
An radharc tosaí
-
An Cófra Síneach le earraí Síneacha, ceann dos na seomraí i mBruíon Nymphenburg
-
Radharc ó Chois Fharraige, pictiúr de chuid Josef Wenglein, 1883
-
Monopteros
-
Badenburg, seomra folcadh ríoga
-
Pagodenburg, taetheach ríoga
-
Magdalenenklause, díseart ríoga