Plé:Pálás Nymphenburg

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Moltar an leathanach seo a scriosadh. Tá lúdramán tar éis an t-alt bunaidh a athrú gan cúis. Níl gá le seo mar ní raibh faic cearr leis an alt bunaidh.

D'Athainmnigh mé an t-alt seo go dtí 'Pálás Nymphenburg' toisc nach bhfuil an focal 'Bruíon', dar liomsa, ag freagairt don fhocal 'Schloss', sa lá atá inniu ann. Tá sé soiléir nach raibh 86.45.232.234 ar aon intinn liom sa chás seo! B'fhearr i bhfad 'miniú' in áit 'masla' (.i. "Tá lúdramán tar éis an t-alt bunaidh a athrú gan cúis") a thabhairt. Ar dsor ar bith, b'fhearr go dtoimhdeofar go bhfuil 'bona fides' ag duine ar bith a dhéanann eagarthóireacht dtí go suífear a mhalairt.Éóg1916 07:15, 5 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]
Pálás atá ann. Níl a fhios agam cá bhfuair tú an focal "bruíon" ó. --Footyfanatic3000 12:57, 5 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]

A dhaoine chóra,

Ní mór daoibh foclóirí éagsúla a léamh.

Féach O'Neill Lane leathanach 1140 - Palace - (1) a royal residence (a) bruighean; (b) brúgh; (c) cúirt; (d) ríoghlann; (e) breaslann (from breas, a prince, and lann, a house); (f) longphort; (g) ríoghphort; (h) príomhárus; (i) píoláid. (2) The official residence of a bishop - pálas.

Féach Duinnín leathanach 130, Bruidhean - a hostel, a caravanserai; a castle, a royal residence, a fairy palace; smt. an inmate of such a palace; a dwelling, a mansion (common in place names).

Anois sílim go oiriúnaíann castle, a royal residence, a fairy palace le bruíon. Is Schloss Nymphenburg ainm an fhoirgnimh i nGearmáinis. Féach an gaol idir bruíon agus palace agus schloss. Féach cad is brí le schloss sa Bhéarla ar Google Translate - http://translate.google.ie/translate_t?q=schloss&oe=utf-8&rls=org.mozilla:en-US:official&client=firefox-a&um=1&ie=UTF-8&sa=N&hl=en&tab=wT#de%7Cen%7Cschloss

Is ionann schloss agus castle, palace, mansion, stately home, manor, manor house. Féach cad a scríobh Ó Duinnín. Is ionann bruighean/bruíon agus castle agus a royal residence. Mar sin is ionann bruíon agus palace.

Tá fáth eile ann a roghnaigh mé an focal bruíon. Baineann sé leis an míniú eile atá ag bruíon - áit chónaithe na síthe. Sa leabhar "Great Gardens of the Western World" le Peter Coats, foilsithe i Nua Eabhrac i 1963, tá caibidil ann don Nymphenburg. Ar leathanach a 160 scríobh Coats "...Ferdinand had almost given up hope when, after eight hectic years of marriage, an heir unexpectedly appeared. In high delight, and as a reward, the Elector gave orders that work should at once be started on the new country palace for which his wife had always longed. It was to be called the Nymphaeum, a sanctuary for nymphs..."

Tá síthe agus nimfeacha cosúil lena chéile, mar sin tá an t-ainm bruíon oiriúnach do Schloss Nymphenburg chun an dá rud a chur in iúl - Áit chónaithe don teaghlach ríoga agus áit chónaithe na síthe. -- 86.45.237.42

Más féidir an cúlra agus an taighde seo a shárú, léirigh é.

Tá an cuma ort go bhfuil tú 'trí chéile' maidir leis an teideal a bheith aithrithe...tá brón orm faoi sin ach mhol mé 'Pálás' toisc gur gnáth fhocal é sin atá in úsáid i 'focal.ie' srl. Léigh mé 'Bruíonn Chaorthainn' sa bhFiannaíocht, nuair a bhí mé óg agus d'amharc mé ar 'O'Neill Lane' srl roimh a chinnn mé ar athrú ar bith. Ní bheadh fadhb agam le 'Bruíon' más sin toil an tromlaigh.Éóg1916 20:38, 6 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]
Ní fíor "bruíon" a úsáid. B'fhéidir go raibh an focal "bruíon" úsáidte roimhe seo, ach sa lá atá inniu ann, cialaíonn bruíon "feuding", mar a léirítear anseo ar focal.ie. Úsáidimid "pálás" i gcomhair leithéidí Pálás Versailles agus Pálás Buckingham chomh maith, agus chomh maith le seo ní chloiseann tú "bruíon buckingham". Táim chun é a bhogadh ar ais go "pálás" muna thugann tú fáth maith go bhfuil sé níos fearr bruíon a úsáid sna hailt go léir. Go raibh maith agat. Footyfanatic3000 21:40, 6 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]