Os cionn 70 bliain a bhí sé pósta leis an mBanríon Elizabeth II. “Thionlaic sé an Bhanríon ar a cuairteanna chuig Thuaisceart Éireann go minic agus ar a cuairt Stáit stairiúil ar Éirinn in 2011", a dúirt a dúirt Micheál D Ó hUigínn.[1]
I gcaitheamh na mblianta, dhírigh Gradaim Dhiúc Dhún Éideann aird na nglúnta agus na ndaoine ó chúlraí éagsúla go héifeachtach ar rannpháirtíocht na saoránach.
D'éirigh an Diúc as imeachtaí poiblí go hoifigiúil sa mbiain 2017. Bhí sé thar a bheith breoite ó thosach na bliana 2021.[2] Chaith sé mí iomlán san ospidéal. Bhí ionfhabhtú air, agus ansin, rinneadh obráid croí air. D'fhill sé ar Chaisleán Windsor ar 16 Márta le ham a chaitheamh le Banríon Eilís.
99 bliain d’aois a bhí an Diúc nuair d'éag sé ar 9 Aibreán2021. Tá sé ar an gcéile is faide a thug seirbhís d’aon rí nó banríon ar Shasana.[3]