Poileistear
Cuma
(Athsheolta ó Poileistir)
Móilíní móra a chruthaítear trí pholaiméiriú comhdhlúthaithe dé-alcól le haigéid dhécharbocsaileacha, cosúil le heitiléingliocól le haigéad teireatalach. Snáithíní saorga a chruthaítear mar seo is ea teiriléin de chuid ICI, agus Dacron de chuid DuPont. Teicstílí baile iad seo atá roc-obach agus éasca le ní is glanadh. Ábhair láidre fhrithscríobacha thámha (ó thaobh ceimice de) is ea na poileistir, agus baintear úsáid astu i gcomhar le plaistigh is snáithíní gloine chun plaistigh threisithe a tháirgeadh le haghaidh tógála.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Poileistir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 528.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |