Jump to content

Plean S (IRA, 1939)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPlean S
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 36′ N, 2° 00′ O / 54.6°N,2°W / 54.6; -2
Cineálfeachtas míleata
sabotage (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse16 Eanáir 1939 - Márta 1940
Suíomhan Ríocht Aontaithe, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Feachtas buamála agus sabaitéireachta ab ea an Plean S[1] a chuir an tIRA i bhfeidhm i Sasana sna blianta 1939 agus 1940. Ba é Séamus O'Donovan, iar-Stiúrthóir Ceimiceán na heagraíochta, a cheap an plean ar iarratas ó Sheán Russell, an Ceann Foirne (a phictiúr sa Bhosca Eolais).

Ar an 12 Eanáir 1939 chuir an tIRA foláireamh deiridh chuig rialtas na Breataine ag éileamh go dtarraingeofaí na fórsaí Briotanacha as Éirinn laistigh de cheithre lá. Nuair nár géilleadh dó, cuireadh tús leis an bhfeachtas ar an 16 Eanáir 1939, nuair a phléasc buamaí i Londain, i Manchain agus i mBirmingham. Tháinig deireadh leis i mí an Mhárta 1940.

Bonneagar poiblí seachas daoine a bhí mar sprioc ag an bhfeachtas: stáisiúin chumhachta, oibreacha gáis, soláthar uisce, séaracha, oifigí poist, iarnróid agus droichid.[2]

Ar an 25 Lúnasa 1939 maraíodh cúigear agus gortaíodh timpeall 70 duine i gCoventry nuair a phléasc buama a bhí ceangailte de rothar ar Broadgate, príomhshráid siopadóireachta na cathrach.[3] Stáisiún leictreachais ab ea an sprioc. Bhí Dominic Adams, uncail Gerry Adams, i gceannas ar an IRA sa cheantar ag an am.[4] D'éalaigh an fear a d'fhág an buama, ach gabhadh beirt eile, Peter Barnes agus James McCormick, agus crochadh iad i bpríosún Winson Green i mBirmingham ar an 7 Feabhra 1940.

Séamus O'Donovan, straitéisí an phlean

Mhair an feachtas ceithre mhí dhéag. Tharla thart ar 300 pléascadh agus gníomh sabaitéireachta ann; maraíodh deichniúr agus gortaíodh 96 duine.[2] D'achtaigh Parlaimint na Breataine, an Prevention of Violence (Temporary Provisions) Act 1939, agus díbríodh 119 duine as an mBreatain dá bharr.

Is mó dochar ná maitheas a rinne an feachtas: theip air rialtas na Breataine a bhogadh agus d'fhág sé an IRA níos laige ná riamh.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ 'S' mar sabaitéireacht.
  2. 1 2 "S-Plan" (as en) . Wikipedia.
  3. ↑ "1939 Coventry bombing" (as en) . Wikipedia.
  4. ↑ "75 years since the IRA bombed Coventry" (as en) . Irish Examiner.