Pléasc ar an Chraoslach
| ||||
| Cineál | pléascadh | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 7 Deireadh Fómhair 2022 | |||
| Suíomh | An Craoslach, Éire | |||
| Tír | Éire | |||
| Cúis | pléascadh gáis | |||
| Líon básanna | 10 | |||
| Líon gortaithe | 8 | |||
Ar 7 Deireadh Fómhair 2022, tharla eachtra thubaisteach sa Chraoslach,[1][2] Contae Dhún na nGall, nuair a maraíodh deichniúr i bpléascadh, a loit stáisiún breosla Applegreen agus bloc árasán in aice láimhe.[3] Timpiste a bhí ann.[4] Bhí an pléascadh chomh láidir sin go raibh sé le cloisteáil 5km ón láthair.[5]
Ní sé soiléir fós cad go baileach ba chúis leis an bpléasc in 2022. Thug cuid de theaghlaigh na marbh le fios go bhfuil siad thar a bheith míshásta leis an easpa dul chun cinn, dar leo, i bhfiosrúchán na nGardaí.[6]

Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Réab pléasc mhór ciúnas na sráide i mbaile an Chraoslaigh ag 3.17 san iarnóin, Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair 2022. Scriosadh stáisiún breosla Applegreen agus foirgneamh eile sa phléasc, suite ar an mbóthar N56 .
Cuireadh tús le hoibríocht mhór cuardaigh agus tarrthála láithreach bonn. Bhí seirbhísí éigeandála ón dá thaobh den teorainn páirteach ann. Ghlac go leor daoine áitiúla páirt sa gcuardach freisin, as a ndeoin féin. Leanadh den oibríocht thar oíche.
Bliain amháin níos déanaí, ní raibh a fhios céard a tharla go díreach.[7] Sceitheadh gáis a bhí ann b'fhéidir. Ach dhírigh an timpiste aird arís ar shábháilteacht agus ar rialacháin sábháilteachta.
Íospartaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'as an Chraoslach agus an ceantar máguaird do na mair[8]bh: cailín in aois bhunscoile, beirt déagóirí, ceathrar fear agus triúr ban. Maraíodh Catherine O'Donnell, a bhí 39 bliain d'aois agus a mac James Monaghan, trí bliana déag; Robert Garwe, 50 bliain d'aois agus a iníon Shauna Flanagan Garwe, cúig bliana d'aois; Leona Harper, 14; Jessica Gallagher, 24; James O'Flaherty, 48; Martin McGill, 49; Martina Martin, 49; agus Hugh Kelly a bhí 59 bliain d'aois.[9]
Tugadh ochtar go dtí Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn i ndiaidh an phléasctha. Aistríodh duine amháin a gortaíodh go dtí Baile Átha Cliath ar héileacaptar de chuid an Gharda Cósta.
Ómós
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins go ndeachaigh an tragóid i bhfeidhm ar chuile dhuine sa phobal áitiúil, agus ar fud na tíre.[5][10][11]
Bhí an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald i measc na ndaoine a d'fhreastail ar shearmanas i gcuimhne na marbh Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair. Luaigh Micheál Martin an méid tacaíochta a tugadh láithreach do na seirbhísí éigeandála ón bpobal áitiúil.[5]
Cúiseanna agus cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 22 Márta 2024, bhí beirt fhear gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána faoi thragóid an Chraoslaigh.[12]
Ar an 27 Bealtaine 2024, gabhadh fear agus bean a bhfuil cúiseanna á gcur ina leith a bhaineann le sárú a dhéanamh ar an Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997. Ansin scaoileadh saor iad gan a bheith cúisithe in aon chion.[13]
Ar an 24 Meán Fómhair 2024, d'iarr dlíodóir, ag gníomhú ar son na dteaghlach, fiosrúchán poiblí nó coimisiún imscrúdúcháin. a bhunú faoin tubaiste.[14]
Le linn 2022-2025, bailíodh 1,500 ráiteas agus cuireadh i dtoll a chéile 1,000 tuairisc faoin tubaiste.[15][16]
An suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2024, d'iarr an comhlacht Vivo Shell Teoranta cead pleanála le foirgneamh úr a thógáil ina mbeidh Siopa, Oifig an Phoist, Deilí, Eischeadúnas, Ionad Storála, Leithris, Áiseanna Breosla, sciamhlann, áit stórála do thancanna agus do chaidéil chomh maith le spás do ghairdín cuimhneacháin. [17] Fuair an Chomhairle Contae breis agus 30 aighneacht ón bpobal ag cur in éadan an chead pleanála. Bhí cuid de theaghlaigh na marbh ina measc siúd a chuir ina éadan.[18] Dúirt teaghlach amháin go mbeadh sé drochmheasúil agus go ngoillfeadh sé go mór orthu dá dtógfaí ionad tráchtála ar shuíomh na tubaiste.
Tugadh cead pleanála ar an 20 Feabhra 2025,[19] ach diúltaithe ag an gCoimisiún Pleanála ar an 20 Meitheamh 2025. Rinne na teaghlaigh achomharc leis an mBord Pleanála ag an am – ar baisteadh an Coimisiún Pleanála air ó shin. Tugadh le fios go bhféadfadh a raibh beartaithe cur isteach ar athghiniúint agus athnuachan shráidbhaile an Chraoslaigh i bhfad na haimsire agus dúradh nach mbeadh sé ag teacht lena bhfuil i bPlean Forbartha Chontae Dhún na nGall maidir le leagan amach agus dearadh foirgneamh. Dúirt an Coimisiún Pleanála freisin nach mbeadh an áit a moladh le haghaidh an ghairdín chuimhneacháin, nach mbeadh sé feiliúnach ó thaobh cúrsaí tráchta agus sábháilteachta de.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Craoslach / Creeslough" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-10-09.
- ↑ "Deichniúr maraithe sa phléasc ar an Chraoslach i nDún na nGall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-09.
- ↑ RnaG (6 Deireadh Fómhair 2023). "Barrscéalta" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-07.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-10-09). ""Laethanta deacra romhainn"" (as ga-IE).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2022-10-08). "Deichniúr básaithe i ndiaidh an phléasctha ar an Chraoslach" (as ga-IE).
- ↑ 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2025-06-20). "An Craoslach: iarratas stáisiún seirbhísí úr a thógáil diúltaithe" (as ga-IE).
- ↑ "Gas delivery system now at centre of Garda inquiry into Creeslough explosion" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-10-07.
- ↑ "Fear agus bean gafa mar chuid d’fhiosrúchán faoi phléasc an Chraoslaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-27). Dáta rochtana: 2024-05-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-10-09). "An deichniúr a cailleadh ar an Chraoslach ainmnithe" (as ga-IE).
- ↑ Michelle Nic Pháidín. "Dorchadas luath an Chraoslaigh < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-10-07.
- ↑ "Ráiteas ón Aire Sláinte Stephen Donnelly maidir le Tragóid an Chraoslaigh" (ga). www.gov.ie (2022-10-08). Dáta rochtana: 2023-10-07.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-22). "Beirt fhear gafa faoi thragóid an Chraoslaigh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-28). "Beirt a gabhadh faoin tubaiste sa Chraoslach scaoilte saor" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-24). "An Craoslach: fiosrúchán poiblí á éileamh ag teaghlaigh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-30). "Tubaiste an Chraoslaigh: comhad seolta ar aghaidh ag na Gardaí" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-07). "Fiosrúchán poiblí á lorg i dtaca le tragóid an Chraoslaigh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-22). "Nuacht an Tuaiscirt: 22 Bealtaine 2024" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-13). "An Craoslach: cinneadh faoi chead pleanála curtha siar" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-20). "An Craoslach: stáisiún seirbhísí úr le tógáil ar shuíomh tubaiste" (as ga-IE).
