Plé úsáideora:MMhicCh

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Hi a stór Tháinig mé ort ar deireadh! Súil agam nach bhfuil tu ag obair go ró-dhian!! Ag caint go luath leat - B!

Tús Maith![athraigh foinse]

Dia duit agus fáilte isteach. Feicim go raibh cuairteoir anseo romham! Tá sibh ag éirí an-scioptha. Is breá liom a fheiceáíl go bhfuil tú tosaithe ar an Dialann cheana féin. Sin é díreach an chineál ruda a bhí i gceist agam. Is féidir leat do leathanach baile a úsáid le cleachtadh a dhéanamh ar fhormáidiú a chur i bhfeidhm agus naisc a chruthú. Is fiú breathnú ar an lámhleabhar do MediaWiki i mBéarla le tuilleadh a fhoghlaim faoi seo. Ná déan dearmad logáil isteach am ar bith atá tú ag déanamh oibre ar an Vicipéad nó ní chlárófar ar an gcóras gur tú féin a rinne é.

Nmacu

Dúnmaonmhuí[athraigh foinse]

Más spéis duit é, feicim go bhfuil alt ar Dúnmaonmhuí ar an Vicipéid. Níl mórá bailte eile fós.

Nmacu

Íomhánna[athraigh foinse]

Tá nasc íontach ar an leagan Béarla a thugann samplaí den bhealach a nascann tú íomhá le leathanach an an Vicipéid:

Picture Tutorial

Nmacu 22:25, 19 Márta 2006 (UTC)[reply]

An Bol Bóthar[athraigh foinse]

Molaim do chuid oibre ar an leathanach seo. Ar bhreathnaigh tú ar "Stair" an leathanaigh? Tabharfaidh tú faoi deara go raibh daoine eile ag déanamh mionathruithe ag iarraidh cabhrú le forbairt an leathanaigh.

Nmacu 22:41, 19 Márta 2006 (UTC)[reply]

Réamhamharc[athraigh foinse]

Haigh, a MMhicCh! Tá moladh amháin beag agam duit: agus atá tú ag déanamh athruithe do alt éigin, an bhféadfaidh tú an cnaipe 'réamhamharc' a úsáid níos minicí in áit an cnaipe "sábháil" a bhrú arís is arís? Mar sin, beidh na leathanaigh staire agus leathanach na n-athruithe is déanaí níos soiléire. Go raibh maith agat! --Gabriel Beecham 23:24, 25 Márta 2006 (UTC)[reply]

Cál ceannann[athraigh foinse]

Chonaic mé gur chuir tú ar ais an t-oideas ag cál ceannann. Níl sé oiriúnach oideas den saghas sin a chur sa chiclipéid - níl aon oideas údarásach ann, agus mar sin ní bheadh sé féideartha oideas amháin a roghnú. Bheadh an t-oideas inúsáidte d'oideasleabhar ag Vicíleabhair (http://ga.wikibooks.org), b'fhéidir - mar sin, d'aistrigh mé é go dtí an leathanach plé ar feadh tamaill. Níl sé oiriúnach don ciclipéid, áfach. --Gabriel Beecham 21:25, 4 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

  • Tá súil agam go n-éireoidh leat i do scrúdú, ach cuir i gcuimhne gur ciclipéid atá mar phríomhchuspóir againn. Níl an Vicipéid inúsáidte chun oidis a bhailiú agus a liostáil ach amháin más féídir tagairt a dhéanamh d'fhoinsí údarásacha a chuireann in iúl gur oideas do-athraithe atá i gceist (m.sh, an t-oideas do Coca-Cola nó ábhar do-athraithe eile). Mar sin, bhaint mé amach na hoidis ag Coddle agus Arán donn chomh maith, tá siad ar na leathanaigh phlé. --Gabriel Beecham 23:49, 5 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Ardmholadh[athraigh foinse]

Is dóigh liomsa a mmhicch go bhfuil ardmholadh ag dul duit as do leathanach re bol bóthair - tá sé iontach! Fair play! --Bnit 21:15, 5 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Fadhbanna le híomhánna[athraigh foinse]

Go raibh maith agat as Íomhá:Dealbh.jpg, Íomhá:DealbhSammaguire.jpg, Íomhá:Bol2.jpg, Íomhá:Litir2.jpg, Íomhá:Litir1.jpg, Íomhá:Litir3.jpg, Íomhá:Arán2.jpg, Íomhá:Litir4.jpg, Íomhá:Litir5.jpg, Íomhá:Litir6.jpg, Íomhá:Clip image002.gif, Íomhá:Hand on bowl.jpg, Íomhá:Ogham.jpg, Íomhá:Ogham2.jpg, Íomhá:An tOgham.jpg, Íomhá:An tOgham2.jpg, agus Íomhá:Sammaguire.jpg a huaslódáil. Níl sé soiléir, áfach, cé leis cóipcheart na n-íomhánna agus cén stádas cóipchirt atá acu, agus mar sin b'fhéidir go scriosfar iad go luath. Bíonn an Fondúireacht Wikimedia an-chúramach maidir le híomhánna sa Vicipéid, mar gheall ar reacht cóipchirt (féach ar polasaí chóipchirt na Vicipéide).

De ghnáth, bíonn an cóipcheart leis an té a chum an íomhá, nó le fhostaitheoir an té a chum é, nó leis an té deireanach ar a bhronnadh cearta úinéireachta an íomhá. Bíonn trí shaghas ceadúnais á úsáid ar an Vicipéid don chuid is mó: .i. ábhar oscailte, fearann poiblí agus úsáid chóir.

Más mian leat, cuir sonraí cóipchirt ar aon íomhá eile a d'uaslódáil tú cheana féin agus a uaslódáileoidh tú amach anseo. Cuir i gcuimhne gur féidir leis na riarthóirí íomhánna a scrois muna bhfuil an t-eolas tábhachtach seo ar fáil dóibh. Ma tá ceist ar bith agat, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh liom, nó an scéal a phlé ag an Halla baile. Go raibh maith agat. --Gabriel Beecham 01:12, 8 Aibreán 2006 (UTC)[reply]