Pierre Eugène Marcellin Berthelot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí is státaire a rugadh i bPáras ab ea Pierre Eugène Marcellin Berthelot (1827-1907). Chabhraigh sé le bunú na teirmiceimice, agus thug modh caighdeánach isteach chun sainteas folaigh galúcháin uisce a thomhas. D'éirigh leis cuid mhaith comhdhúl orgánach a shintéisiú, agus léirigh nach raibh aon difríocht bhunúsach idir comhdhúile orgánacha is neamhorgánacha.