Pierre Corneille
Pierre Corneille | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Eanáir 22, 1647 - Deireadh Fómhair 1, 1684 ← François Maynard (en) ![]() | |||
Saol | |||
Eolas breithe | Rouen, 6 Meitheamh 1606 | ||
Náisiúntacht | Ríocht na Fraince | ||
Teanga dhúchais | an Fhraincis | ||
Bás | Páras, 1ú Deireadh Fómhair 1684 | ||
Áit adhlactha | Eglise de Monceaux-l'Abbaye (en) ![]() | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí | Marie de Lampérière (en) ![]() | ||
Siblíní | liosta iomláin | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Lycée Pierre-Corneille | ||
Teangacha | an Fhraincis | ||
Gairm | |||
Gairm | drámadóir, file, aistritheoir, scríbhneoir agus file dlíodóra | ||
Saothar iomráiteach | Le Cid | ||
Ballraíocht | Académie française | ||
Gluaiseacht | Nua-Chlasaiceachas | ||
Gluaiseacht ealaíne | greanntraigéide traigéide coiméide | ||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Caitliceachas | ||
IMDb | nm0180134 | ||
Discogs ID | 436198 | ||
![]() |
Drámadóir agus file Francach ab ea Pierre Corneille - nó le Grand Corneille (Gaeilge: Corneille Mór) nó Corneille l'aîné (Gaeilge: Sean-Chorneille/Corneille Mór), mar atá aithne air leis. Do rugadh é i gcathair Rouen na Fraince ar an 6ú lá de Mheitheamh sa mbliain 1606 agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1684. Tá Pierre Corneille ar dhuine desna drámadóirí Francacha is mó clú den 17ú haois.
Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an ndlí, do chaith sé tamall ina abhcóide ach scríobhadh sé ag an am céanna. Scríbhneoir rí-bhisiúla ab ea é, a chum idir dhrámaí traigéideacha agus dhrámaí grinn. Scríobh sé drámaí grinn ar dtús agus greanntraigéidí níos déanaí. Ba sa bhliain 1640 a thosaigh Corneille ar thraigéidí staire a scríobh.
Is cosúil gurb iad na traigéidí staire sin na saothair is cáiliúla dá chuid sa lá atá inniubh ann - téacsanna ar nós Horace (1640), Cinna (1641), Polyeucte (1642), Rodogune (1644), Héraclius (1647) agus Nicomède (1651). É sin ráite, tá an-chlú go deo ar shaothair ar nós Médée (1635; Gaeilge: Méidé), L'Illusion comique (1636; Gaeilge: An Seachmall Grinn) agus Le Cid (1637; Gaeilge: An Cid) leis.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |