Pión

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CáithnínPión
Rangúméasón agus pseudoscalar meson (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú láidir, idirghníomhú lag, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht leictreach0, −1 agus 1 Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0 Cuir in eagar ar Wikidata
Isoespín1 Cuir in eagar ar Wikidata
Paireacht−1 Cuir in eagar ar Wikidata

Cáithnín fonúicléach de chlann na méasón, a idirghníomhaíonn go láidir (is é sin, leis an bhfórsa núicléach láidir). Úsáidtear an tsiombail π dó (tugtar an pí-méasón air freisin). Is féidir go mbeidh 3 lucht aige, +1, -1 (π+, π-, le mais 140 Mev sa dá chás), agus 0 (π0, le mais 135 MeV). Bíonn guairne 0 aige. Meathann pióin luchtaithe go dtí muóin is neoidríonónna. Meathann pióin neodracha go dtí gáma-ghathanna. Fionnadh é i dturgnaimh ar ghathanna cosmacha i 1947.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pión". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 519.