Phoebe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cassini ..gar-íomhá de Phoebe ar an 13ú Meithimh 2004; Tá an cráitéar Euphemus ar lár bharr

Is satailít neamhrialta de Shatarn é Phoebe le mheán lárlíne de 213 km.

Fionnadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cráitéir ainmnithe ar Phoebe

Fionnadh é ag William Henry Pickering ar an 17 Márta 1899 ó phlátaí griangrafacha a bhí glactha ag DeLisle Stewart ó 16 Lúnasa 1898 roimhré ag Réadlann Boyden i ngar do Arequipa, Peiriú. B’e an céad shatailít a fionnadh ó griangrafanna.

B’é Phoebe an céad spriocréad a chasadh ar an spás taiscéalaí Cassini sa chóras Shatairn sa bhliain 2004 agus mar sin tá a lán staidéar déanta faoi, cé gur bheag agus neamhrialta an satailít é. Roghnaíodh am buaileadh leis agus conair an éitilt-thart seo go cúramach i bpleanáil an mhisin.

Tar éis na dála seo agus á chur i bhfithis, níor imigh Cassiní níos faide siar ná fhithis Iapetus. Tá Phoebe bordaithe ar sféarúil agus tá rannóga ar a thaobh istigh. Is dócha mar sin go raibh sé sféarúil agus te go luath ina stair agus gur chaill sé a chruinne de thoradh iombhualadh leantach. Ceaptar gur mionphláinéadach gafa ón Chrios Cuiper é.

Fuair Phoebe a ainm ó Phoebe a bhí ina Tíotán sa mhiotaseolaíocht greagach a bhí baint leis an Ghealach aige. Tugtar Satarn IX air freisin i gcuid den litríocht eolaíochta. Deir an IAU gur éigin gnéithe ar Phoebe a ainmniú ó dhaoine sa mhiotas gréagach de Iason agus na hArganáit. Sa bhliain 2005 ainmníodh go hoifigiúil ceithre chráitéar ar fichid mar a leanas – (Acastus, Admetus, Amphion, Butes, Calais, Canthus, Clytius, Erginus, Euphemus, Eurydamas, Eurytion, Eurytus, Hylas, Idmon, Iphitus, Jason, Mopsus, Nauplius, Oileus, Peleus, Phlias, Talaus, Telamon agus Zetes).