Penpont

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is baile beag i ngar do Chill Osbairn in iardheisceart na hAlban é Penpont. Tá sé suite 62m os cionn leibhéal na mara, i dtuaisceart Dhún Phrís is Gall-Ghaidhealaibh (Contae Dhùn Phrìs roimh 1975), idir Am Mòine Naomh agus Bàrr na Dris. Tá sé 316km ar shiúl ó Obar Dheathain, 101km ó Ghlaschú, 27km ó Dhùn Phrìs agus 104km ó Dhún Éideann, príomhbhaile na tíre. Is é Béarla an chéad teanga ag an chuid is mó de na daoine i bPenpont, cé go raibh Gàidhlig fós beo roimh 1700. Braitheann geilleagar an bhaile go mór ar an talmhaíocht, ar an gcoillteoireacht agus ar an turasóireacht. Chomh maith leis sin, tá páirc charbhán, halla an bhaile agus gailearaí ealaíne sa bhaile, ach tá an teach tábhairne dúnta anois. Ó thaobh an oideachais, tá bunscoil ann ach caithfear dul don ardscoil i mBàrr na Dris.

Is é Pen y Bont (Gaeilge: Ceann an Droichid) ainm an bhaile sa tSean-Bhreatnais. Tá fothracha caisleáin, ar a dtugtar Tibbers (nó Tobar sa Ghàidhlig), i ngar don bhaile, chomh maith le fothracha cosáin ó am na Rómhánach. Rinne Uilleam Uallas ionsaí ar an gcaisleán le linn Chogadh Neamhspleáchais na hAlban. Luadh Penpont san úrscéal The Private Memoirs and Confessions of a Justified Sinner, a scríobh James Hogg i 1824. Tosaíodh Féile i 1891 agus tá sé ag dul ó neart go neart ar feadh breis is céad bliain. Tógadh eaglais nua sa bhaile i 1867 san aon áit a raibh ina háit chráifeach ar feadh na n-aoiseanna. Tá dhá chloch ón 11ú haois a aimsíodh sa reilig le feiceáil san iarsmalann i nDùn Phrìs. De réir leacht cuimhneacháin an bhaile, fuair 41 duine as Penpont bás sa Chéad Chogadh Domhanda agus naonúr eile sa Dara Cogadh.