Peireascóp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionstraim optúil chun féachaint ar fhrithne atá folaithe ón radharc ag bac (níos airde ná leibhéal shúile an fhéachadóra, de ghnáth). Is é an bunphrionsabal dhá scáthán phlánacha, comhthreomhar ach scartha amach óna chéile. Tagann solas ón bhfrithne isteach ar an gcéad scáthán, frithchaitear é síos don dara scáthán, agus amach uaidh sin i súile an fhéachadóra. Mar sin, gabhann an solas bealach cosúil leis an litir Z. Is féidir éifeacht na hionstraime a fheabhsú le teileascóp inmheánach, agus le raonaimsitheoir, cosúil leis an bpeireascóp a úsáidtear ar fhomhuireán faoin bhfarraige chun reáda ar dhromchla na farraige a fheiceáil, nó leis an bpeireascóp a úsáidtear i dtanc le haghaidh stiúrtha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Peireascóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 513.