Pedro Pablo Kuczynski

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPedro Pablo Kuczynski

(2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Pedro Pablo Kuczynski Godard
3 Deireadh Fómhair 1938
85 bliana d'aois
Líoma, Peiriú Cuir in eagar ar Wikidata
66 Uachtarán Pheiriú
28 Iúil 2016 – 23 Márta 2018
← Ollanta HumalaMartín Vizcarra →
President of the Council of Ministers of Peru (en) Aistrigh
16 Lúnasa 2005 – 28 Iúil 2006
← Carlos FerreroJorge del Castillo →
Minister of Economy and Finance of Peru (en) Aistrigh
16 Feabhra 2004 – 16 Lúnasa 2005
← Jaime QuijandríaFernando Zavala →
Minister of Economy and Finance of Peru (en) Aistrigh
28 Iúil 2001 – 11 Iúil 2002
← Javier Silva RueteJavier Silva Ruete →
Minister of Energy and Mines (en) Aistrigh
28 Iúil 1980 – 3 Lúnasa 1982
← René Balarezo Vallebuona (en) AistrighFernando Montero Aramburú (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síRossall School (en) Aistrigh (1953–1956)
Coláiste Exeter - Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht (–1960)
Ollscoil Princeton
an Ceol-Choláiste Ríoga
Princeton School of Public and International Affairs (en) Aistrigh - riarachán poiblí (–1961)
Coláiste Markham
Ollscoil Oxford
Ollscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSan Isidro (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmeacnamaí, polaiteoir, baincéir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCentral Reserve Bank of Peru (en) Aistrigh (1967–1968)
An Banc Domhanda (1961–1967) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPeruvians for Change (en) Aistrigh (2014–2019)
Alliance for the Great Change (en) Aistrigh (–2010í) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis agus Béarla
Teaghlach
CéileJane Dudley Casey (en) Aistrigh (1962–1995)
Nancy Lange (1997–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlex Kuczynski
 ( Jane Dudley Casey (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaxime Hans Kuczynski
Duine muintearthaJean-Luc Godard (col ceathair fir)
Joseph E. Casey (athair a mhná céile)
John Casey (wife's brother (en) Aistrigh)
Harold E. Varmus (husband of sister of wife (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


Suíomh gréasáinppk.pe Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: ppkoficial Twitter: PPKamigo Cuir in eagar ar Wikidata

Is eacnamaí, fiontraí gnó agus polaiteoir Peiriúch é Pedro Pablo Kuczynski Godard a rugadh ar 3 Deireadh Fómhair 1938 i Líoma, Peiriú. Toghadh mar uachtarán na tíre é don téarma 2016–2021 mar chomharba ar Ollanta Humalla ach d'éirigh sé as ar 21 Márta 2018.

Bhí sé ina aire um fuinneamh agus mianaí faoi Fernando Belaúnde Terry, agus ina aire um eacnamaíocht agus airgeadas faoin Uachtarán Alejandro Toledo Manrique. Faoi láthair, is uachtarán é ar an bpáirtí Peruanos Por el Kambio (Peiriúigh ar son Athruithe). (Scríobhtar cambio, an focal Spáinnise ar "athrú", le k in ainm an pháirtí chun go mbeadh PPK air, ionann lena ainm féin.)

Iarrthóir é Kuczynski ar uachtaránacht Phoblacht Pheiriú in olltoghcháin Pheiriú na bliana 2011, ach tháinig sé isteach sa tríú háit i ndiaidh Ollanta Humala Tasso agus Keiko Fujimori Higuchi. Sheas sé ar son na huachtaránacha arís in olltoghcháin na bliana 2016 agus an uair seo, d'éirigh leis an dara háit a bhaint amach agus, mar sin, dul ar aghaidh go dtí an dara babhta den toghchán ar 10 Aibreán 2016, inar éirigh leis bua a fháil ar Keiko Fujimori le tromlach an-íseal.

Ba imircí ón Eoraip iad a thuismitheoirí. Gearmánach de chúlra Polannach-Ghiúdach ab ea a athair. Ar thaobh a mháthar tá Pedro Pablo gaolta le Jean-Luc Godard, stiúrthóir scannáin Eilvéiseach. Tá sé pósta ar Nancy Lange, col ceathrar le Jessica Lange.

D'oibrigh Kuczynski sna Stáit Aontaithe agus ghlac sé saoránacht Mheiriceánach le cois a shaoránacht Pheiriúch. D'éirigh sé as a shaoránacht Mheiriceánach sa bhliain 2016 le bheith ábalta sheasamh d'uachtáranacht Pheiriú.

Rinneadh iarrachtaí chun é a chur as oifig ag toiseacht ag deireadh na bliana 2017. San athbhliain, rinneadh iarracht nua é sin a dhéanamh. Cuireadh físeáin dá dhlíodóir agus de Kenji Fujimori (pearsa conspóideach i bpolaitíocht na tíre) ag iarraidh vótaí i gcoinne an iarracht a cheannach ó bhaill de pharlaimint na tíre (na "Kenjivideos"), agus ghéill sé don bhrú, ag cur litir éirí as oifig chuig Comhairle na Ministéirí. Ar 23 Márta 2018, chuaigh a leasuachtarán Máirtín Vizcarra, i gcomharbacht air mar uachtarán.