Peadar Bairéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeadar Bairéad
Beathaisnéis
BreithIorras, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2019
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

File agus iriseoir Gaeilge ab ea Peadar Bairéad. Rugadh é in Iorras in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo agus bhí cónaí air i gCill Chainnigh sula bhfuair sé bás sa bhliain 2019.

Scríobh sé altanna agus dánta ó na 1950í i leith. D'fhoilsigh sé filíocht sna foilseacháin a leanas: Feasta, Comhar , An Sagart, An Timire, Anois, Scéala Éireann agus an Kilkenny People.[1] Is iomaí alt a bhí scríofa aige don Kilkenny People mar cholúnaí, agus bhí sé ina léirmheastóir freisin.[2]

Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aige: Duilleoga Fómhair (Oidhreacht Iorrais 1988) agus Fataí Rómhair (Clóchomhara 2000, ISBN 0-903758-79-2).

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]