Peadar Ó Lochlainn
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 6 Samhain 1929 |
| Bás | 22 Deireadh Fómhair 2017 87 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | fliúiteadóir |
| Seánra | Ceol na hÉireann |
| Uirlis | Fliúit agus veidhlín |
Fliúiteadóir, fidléir, agus píobaire Éireannach as Cill Mháille, Contae an Chláir ab ea Peadar Ó Lochlainn (6 Samhain 1929 – 22 Deireadh Fómhair 2017). Pearsa mór le rá sa cheol traidisiúnta ó dheireadh na 1940idí a bhí ann. Is fearr aithne air as seinm ar an gceirnín suntasach “All-Ireland Champions — Violin” (le Paddy Canny, P. Joe Hayes, agus Bridie Lafferty) sa bhliain 1959, a bhí ar cheann de na chéad fhadcheirníní de cheol traidisiúnta na hÉireann. Sheinn sé i mBanna Céilí na Tulaí agus i mBanna Céilí Chill Fhionnúrach, agus thaifead sé albaim leis an bpíobaire Rónán de Brún agus leis an bhfidléir Maeve Donnelly.
Bhain sé craobh na hÉireann amach faoi dhó i 1956 agus 1957.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- All-Ireland Champions - Violin, 1959
- The South West Wind (le Rónán de Brún), 1988
- Touch Me If You Dare (le Rónán de Brún), 2002
- The Thing Itself (le Maeve Donnelly), 2004
- The Legacy (le Rónán de Brún), 2015
- Peter O'Loughlin, A Musical Life, 2016
- Friends of Note (le Paddy Canny, Paddy Murphy & Geraldine Cotter), 2019