Paul Kruger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Paul Kruger

Polaiteoir de chuid na hAfraice Theas ab ea Stephanus Johannes Paulus KrugerPaul Kruger (10 Deireadh Fómhair, 1825 - 14 Iúil, 1904). Tugadh an leas ainm Uncail Pól (Afracáinis: "Oom Paul") air chomh maith. Bhí sé in a uachtarán ar Phoblacht na hAfraice Theas. Bhain sé cáil idirnáisiúnta amach mar urlabhraí na mBórach ina gcoimhlint in aghaidh na Breataine le linn Dara Cogadh na mBórach (1899-1902).