Patricia Scotland
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) Patricia Scotland, Baroness Scotland of Asthal |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 19 Lúnasa 1955 70 bliana d'aois Doiminice |
| 6 Commonwealth Secretary-General (en) | |
| 1 Aibreán 2016 – 31 Márta 2025 ← Kamalesh Sharma – Shirley Ayorkor Botchway → | |
| Senior advisor (en) | |
| 18 Márta 2015 – 21 Nollaig 2016 | |
| Shadow Attorney General for England and Wales (en) | |
| 11 Bealtaine 2010 – 7 Deireadh Fómhair 2011 ← Edward Garnier – Emily Thornberry → | |
| Abhcóide Ginearálta Thuaisceart Éireann | |
| 12 Aibreán 2010 – 11 Bealtaine 2010 ← luach ar iarraidh – Dominic Grieve → | |
| Ard-Aighne Thuaisceart Éireann | |
| 28 Meitheamh 2007 – 12 Aibreán 2010 ← Peter Goldsmith, Baron Goldsmith (en) | |
| Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige | |
| 28 Meitheamh 2007 – 11 Bealtaine 2010 ← Peter Goldsmith, Baron Goldsmith (en) | |
| Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe | |
| 2001 – | |
| Fo-Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha | |
| 1 Iúil 1999 – 11 Meitheamh 2001 | |
| Ball de Theach na dTiarnaí | |
| 30 Deireadh Fómhair 1997 – | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Anglia Ruskin Walthamstow School for Girls (en) Ollscoil Londan Lord Ashcroft International Business School (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Londain |
| Gairm | polaiteoir, abhcóide, taidhleoir, saineolaí dlí |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
| Teangacha | Béarla |
| Teaghlach | |
| Céile | Richard Mawhinney (1985–) |
Gradam a fuarthas | |
| Suíomh gréasáin | parliament.uk… |
Is taidhleoir, abhcóide and polaiteoir Briotanach í An Banbharún Scotland of Asthal PC AB, nó Patricia Scotland (a rugadh ar 19 Lúnasa 1955).
Toghadh í mar Ard-Rúnaí Chomhlathas na Náisiún í ó 2016 go dtí 2024, agus tharraing sí conspóid go leor sa phost sin.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Scotland i nDoiminice; d'aistrigh a teaghlach chun na Ríochta Aontaithe agus í dhá bhliain d'aois. Fuair sí LLB eachtrach ó Ollscoil Londan mar mhac léinn de chuid Cheardcholáiste Essex Láir (Ollscoil Anglia Ruskin faoi láthair) i Chelmsford.[1]
Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige uirthi sa bhliain 1977 (agus chun Bharra Dhoiminice sa bhliain 1978.)
Is í an chéad bean ghorm a ndearnadh Abhcóide na Banríona de, sa bhliain 1991. Sa bhliain 1997 a toghadh ina Binseoir de chuid An Teampaill Láir í agus a tugadh tiarnas saoil di.
Ó 1999 go 2007, bhí sraith post mar aire sóisearach aici, in Oifig Gnóthaí Eachtracha agus Comhlathais na Breataine, i Roinn an Ard-Seansailéara agus san Oifig Gnóthaí Baile. Ghlac sí mar chúram, den chuid is mó, cúrsaí dlí a raibh baint acu le gach roinn, ar nós na reachtaíochta a chuir ar chumas na Ríochta Aontaithe dul isteach sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, an Land Registration Act 1992 agus sraith athchóirithe ar an gcóras ceartais choiriúil.[1]

Ó 2007 go 2010 bhí sí ina hArd-Aighne ar Shasana agus An Bhreatain Bheag. Mar sin, bhí sí ina Ard-Aighne ar Thuaisceart Éireann freisin. Tar éis cumhachtaí póilíneachta agus ceartais a chineachadh, ina hAbhcóide Ginearálta ar Thuaisceart Éireann, an chéad sealbhóir den phost sin.
Bhí sí ina Scáth-Ard-Aighne go dtí mí Dheireadh Fómhair 2011. Tá sí ina Bardasach Chathair Londain ó 2014 (ina hionadaí do bharda Bishopsgate).

Comhlathas na Náisiún
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2016 toghadh mar an séú Ard-Rúnaí ar Chomhlathas na Náisiún í (an chéad bhean san oifig sin).
Cuireadh fad lena téarma oifige mar gheall ar an bpaindéim reatha.[1]

Tharraing sí conspóid go leor sa phost sin agus cáineadh a ceannasaíocht ar an gComhlathas go minic (cairdeas fabhair, liúntais agus costais taistil srl).[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "An Banbharún Scotland of Asthal RC AB". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Scotland defeats Johnson Smith in Commonwealth secretary general race" (en). jamaica-gleaner.com (2022-06-24). Dáta rochtana: 2022-08-18.
- Daoine beo
- Daoine a rugadh i 1955
- Abhcóidí Sasanacha
- Acadóirí Briotanacha
- Caitlicigh
- Comhlathas na Náisiún
- Daoine Briotanacha gorma
- Daoine Doiminiceacha
- Lucht ollscoile
- Mná sa pholaitíocht
- Oifigigh rialtais
- Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)
- Polaiteoirí Sasanacha
- Polaiteoirí Thuaisceart na hÉireann
- Sóisialaithe
- Taidhleoirí Briotanacha
- Uaisleacht Eorpach