Pat Cheoinín
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1915 Fínis, Éire |
| Bás | 2008 92/93 bliana d'aois |
| Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iascaire, déantóir seolta |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Iascaire agus déantóir seolta as Fínis i ngar do Charna, Contae na Gaillimhe ab ea Pat Cheoinín (1915–2008).[1] Phós sé Nóra Joyce (Nóra Bhaibín) as Inis Bearachain agus thógadar deichniúr iníonacha agus cúigear mac i bhFínis, ansin, tar éis 1953, ar an mBalla Fada i gCathair na Gaillimhe, áit ar chaith sé blianta deireanacha a shaoil. Bhí sé fós ag dul amach ina bhád iascaireachta agus na ceithre scór slánaithe aige.[1]
Cheannaigh sé an bád seoil Columbia in 1940, agus chuir sé inneall leis in 1948.[2] Cheannaigh sé an Ros na Rí in 1953 nuair a bhog sé a chlann go Gaillimh, ansin an Star of Faith in 1965.
Máthair Johnny Mháirtín Learaí Mhic Donnchadha ab ea a dheirfiúr Nan Cheoinín.[3] Ba chol ceathrair leis Séamus Mac an Iomaire, údar Cladaí Chonamara.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Pat Cheóinínn: "Star of Faith"". Dáta rochtana: 2024-02-06.
- ↑ "The Companion to Traditional Irish Music". Dáta rochtana: 2024-02-06.