Cluichí Parailimpeacha 2024
Cuireadh tús leis na Cluichí Parailimpeacha 2024 ar an 28 Lúnasa 2024 agus 4,400 lúthchleasaí ar shlí an Champs-Elysees go Place de la Concorde i bPáras. Bhí thart fá 65,000 duine i lucht féachana an tsearmanais.[1] Thosaigh na cluichí iad féin ar an 29 Lúnasa agus tháinig deireadh leo ar an 8 Meán Fómhair 2024.[2]
B'é an chéad uair ar tharla Cluichí Parailimpeacha an tsamhraidh sa Fhrainc. Bhí 549 bonn le bronnadh i 22 imeacht parailimpeach, le linn 11 lá. Tríocha cúig lúthchleasaí a bhí ar scuad na hÉireann, i measc toscaireacht de 184 duine.[3][4][1] agus na lúthchleasaithe san iomaíocht thar naoi spórt.[5]
Boinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac 35 lúthchleasaí as Éirinn páirt i naoi spórt agus bhuaigh siad sé bhonn: bonn óir amháin, trí bhonn airgid, agus dhá bhonn cré-umha.[6]
- Bhuaigh na rothaithe Katie-George Dunlevy agus Linda Kelly bonn óir i dTriail Ama Aonair B na mban i bPáras. B'é seo an tríú huair ag Dunlevy bonn óir a bhuachan sa gcomórtas agus í sa gcéad áit in Rio de Janeiro agus i dTóiceo nuair a bhí Eve McCrystal mar phíolóta aici.[7]
- Bhuaigh Dunlevy agus McCrystal bonn airgid i rás tóraíochta 3,000m B na mban sa velodrome Dé Sathairn seo caite agus seacht gcinn de bhoinn ar fad atá buaite ag Dunlevy ag na Cluichí Parailimpeacha, sé cinn aici-se agus ceann i dteannta McCrystal.
- Bhuaigh Róisín Ní Riain, iardhalta Ghaelcholáiste Luimnigh, bonn airgid sa snámh droma 100m S13 agus bhuaigh sí a dara bonn nuair a chríochnaigh sí sa tríú háit sa mheascra aonair 200m sa rannóg SM13.
- Bhuaigh Orla Comerford bonn cré-umha sa rás ráibe 100m T13 sa Stade de France.[7] Chríochnaigh bean Bhaile Átha Cliath i 11.94, í chun deiridh ar Lamiya Valieya na hAsarbaiseáine a thug léi an bonn óir le curiarracht dhomhanda nua – 11.76 – agus Rayan Soares da Silva ón Brasaíl a tháinig sa dara háit (11.78).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge (31 Lúnasa 2024). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-09-05.
- ↑ RnaG (26 Iúil 2024). "Tús Áite: Searmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha - Cúrsaí Slándála" (as ga-IE).
- ↑ RnaG (2024). "Tús Áite: Na Cluichí Parailimpeacha" (as ga-IE).
- ↑ RnaG • Adhmhaidin (30 Lúnasa 2024). "Daráine Ní Mhaolmhíchíl - dhuine d’fhoireann craolta RTÉ ag na Cluichí Parailimpeacha i bPáras." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-09-05.
- ↑ "Guíonn na hAirí Martin agus Byrne gach rath ar lúthchleasaithe Parailimpeacha na hÉireann i bPáras" (ga). www.gov.ie (2024-08-28). Dáta rochtana: 2024-09-05.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (14 Meán Fómhair 2024). "Nuacht mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ 7.0 7.1 "Bonn óir buaite ag na rothaithe Katie-George Dunlevy agus Linda Kelly sna Cluichí Parailimpeacha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-04). Dáta rochtana: 2024-09-05.