Paolo Uccello

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaolo Uccello

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Meitheamh 1397 (Féilire Ghréagóra)
Pratovecchio Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Nollaig 1475
78 bliana d'aois
Flórans Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachIodálaigh
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre Flórans
Urbino
Padua
An Veinéis Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, mosaicist (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPéintéireacht staire
GluaiseachtAn Renaissance agus an Renaissance luath
TeangachaAn Ghearmáinis agus an Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach

Musicbrainz: 7f6bad13-aca2-4f0f-91ce-afe54aaa30f4 Discogs: 3904679 Cuir in eagar ar Wikidata

Péintéir a rugadh i bPratovecchio na hIodáile ab ea Paulo Uccello (Paulo di Dono) (1397-1475).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na Medici na pátrúin ba fhlaithiúla agus ab aithnidiúla sa tréimhse seo, an 15ú haois, i bhFlórans.[1] Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós Uccello chun cinn faoina gcoimirce.

Cath San Romano - La Battaglia di San Romano, le Paolo Uccello, 1436-1440

Ealaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh ealaín na peirspictíochta a fhorbairt le linn an Luath-Renaissance i bhFlórans[1] agus ba é Uccello an chéad ealaíontóir a bhain feidhm as prionsabail na peirspictíochta ina phéintéireacht. Bhí gafa go mór leis an bpeirspictíocht mhatamaiticiúil san am, ach bhí an phointeáilteacht imithe chomh mór sin i bhfeidhm air agus go bhfuil uireasa mothúcháin agus brí le brath ar a shaothar.[2]

Scéal Naoi[cuir in eagar | athraigh foinse]

méadú ː Cath San Romano - La Battaglia di San Romano, le Paolo Uccello, 1436-1440

I bpictiúr cáiliúil dá chuid, Storio di Noè (Scéal Naoi, 1447-1448), bhain Uccello feidhm as réamhghiorrú chun toradh dian réalaíoch a bhaint amach[3].

Cath San Romano[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cuma adhmadúil mharbhánta ar na capaill ina phictiúr, Cath San Romano[4] (thíós) agus níl atmaisféar ar bith ann a bhainfeadh corraí as duine. Is léir ar an bhfíor réamhghiorraithe atá ina luí ar an talamh cén fhoirfeacht a d'fhéadfadh Paolo Uccello a bhaint amach. Ach níl aon chur le chéile idir gnéithe éagsúla an phictiúir, áfach.[5]

Storio di Noè (Scéal Naoi), circa 1447-1448 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ciara Nic Gabhann. "Seoid na hAthbheochana" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-10.
  2. Sheppard, Lourda. "Riocht na Sul, Stair & meas na healaíne" (An Gúm, 1992). 
  3. "Storie di Noè (Paolo Uccello)" (as it) (2019-04-26). Wikipedia. 
  4. "The Battle of San Romano" (as en) (2020-12-05). Wikipedia. 
  5. Hussey, Matt (2011). "Paulo Uccello". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 687.